Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 88 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXXXVIII. Urnaiġ ġearánaċ ṫruaġoín, ar tí éuga.
Caintic no Psalm do ċloinn Córah, don ṗríṁḟear ceóil air Mahalat-Leannot, Psalm teagaisg Heman an Tesrahíteaċ.

1 A ṪIĠEARNA a Ḋé mo ṡlánuiġṫe, do ġoir mé do ló agus doiḋċe air haġaiḋ:

2 Tigeaḋ múrnaiġ dot laṫair: claón a nuas do ċlúas ċum méiġṁe;

3 Oír atá manam lionta lé holcaiḃ: agas atá mo ḃeaṫa ag tarruing a ngar difrionn.

4 Aíriġṫear mé maráon ris an luċt ṫéid síos annsa log: atáim mar ḋuine ann naċ ḃfuil neart ar biṫ:

5 Sáor a méasc na marḃ, mar na mairḃ atá na luiġe annsa nuáiḋ, air naċ ccuiṁniġionn tusa nísa ṁó: noċ do gearraḋ amaċ le do láiṁse.

6 Do ċuiris mé annsa log íoċdaraċ, a ndorċadus, annsna háitiḃ doiṁne.

7 Is orumsa ċoṁnuiġeas do ḋíḃḟearg, agus do ḃuáiḋris mé red uile ṫonnuiḃ. Selah.

8 Do áṫraiḋ tú a ḃfad uáim mo luċd cumuinn; do rinnis am úaṫḃás dóiḃ mé: atáim ar míaḋaġ a stiġ, agus ní ḟéadam teaċd amaċ.

9 Do ní mo ṡúil doilġios cionnus ataim buáiḋearṫa: do ġoirios ortsa a ṪIĠEARNA, ar feaḋ an laói, do ṡíneas amaċ mo láṁa ċugad.

10 A ndéana tú do na marḃuiḃ iongnaḋ? a néireoċuiḋ an drong fuáir bás dot ṁolaḋ? Selah.

11 An ḃfoillseoċṫar do ṫrócaire san nuáiḋ? ṫfírinne a ndíoṫláiṫriuġaḋ?

12 A naiṫeontar hobair iongantaċ annsa dorċadas? ṫfíréantaċd a dtalaṁ an dearmaid?

13 Aċt ċuġadsa do ġoireas, a ṪIĠEARNA; tiucfa murnaiġ ar maidin ós do ċoinne.

14 A ṪIĠEARNA, cred fa tteilgir seaċad manam? cred fa ḃfolċann tú haġaiḋ orum?

15 Duine boċt troirṫliġe misi óm óige: fuilingim húaṫḃássa atáim air mo ḃuáiḋreaḋ.

16 Do ċuáiḋ ṫfearg aiḋṁéil ṫorum; do ġearradar húaṫḃáis amaċ mé.

17 Do ġaḃadar am ṫimċioll aṁuil uisge ar feaḋ an laói; ṫangadar go croinn a néinḟeaċd am ṫimċioll.

18 Do áṫruiġ tú a ḃfad uáim fear gráḋa, agus cara agus an luċt dar ḃaiṫne mé a ndorċadas.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan