Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 86 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXXXVI. Atá Dáiḃi ag iarraiḋ maiṫeaṁnas peacaiḋ, agus Dídion ó naiṁdiḃ.
Urnaiġ Ḋáiḃi.

1 Claon do ċlúas a núas, a ṪIĠEARNA, cluin mé: óir atáim boċt agus uireasḃaċ.

2 Coiṁéad manam, óir atáim náoṁṫa: ó mo Ḋía, sáor do ṡeirḃíseaċ noċ ċuirios a ḋóiġ ionnad.

3 Déan trócaire orum, a ṪIĠEARNA: óir is ċugadsa ġairim ar feaḋ an láoi.

4 Gáirdiġ anam do ṡerḃísiġ: óir is ċugadsa, a ṪIĠEARNA, ṫógḃuim súas manam.

5 Oír tusa, a ṪIĠEARNA, atáoi maiṫ agus maiṫfeaċ; agus ro ṫrócaireaċ don luċd ġairios ort.

6 Taḃair éisdeaċd, a ṪIĠEARNA, dom urnaiġ; taḃair aire do ġuṫ mo ġearáin.

7 A ló mo ḃuáiḋearṫa gairfiod ortsa: óir freagorá tú mé.

8 Ní ḃfuil do ṡaṁuilse a measc na ndée, a ṪIĠEARNA; agus ní ḃfuilid neiṫe cosṁuil red oibreaċaiḃ.

9 Tiocfaid na huile ċineaḋaċa do rinnis agus do ḋéanaid aḋra ós do ċoinne, a ṪIĠEARNA; agus do ḋéanaid hainm do ġlóruġaḋ.

10 Oír is mór ṫusa, agus do nír neiṫe iongantaċa: is tú féin Día aṁáin.

11 Teagaisg ḋaṁ a ṪIĠEARNA, do ṡliġṫeaċa; agus siuḃólad ann tfírinne: coiṁċeangail mo ċroiḋe ċugadsa deagluġaḋ hanma.

12 Molfad ṫú, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, rem uile ċroiḋe: agus do ḋéanad hainm do ġlóruġaḋ go bráṫ.

13 Oír is mór ṫrócaire orumsa: agus dfúascail tú manam ó ifrionn íoċdaraċ.

14 O a Ḋé, déirġiodar na huáiḃriġ súas am aġaiḋ, agus díarradar coiṁṫíonól na ḃfoiréignioċ manam; agus níor ċuireadar ṫusa as a ccoṁar.

15 Aċt atá tusa, a ṪIĠEARNA, Día trócaireaċ, grásaṁuil, ag fulang a ḃfad, agus lán do ṫrócaire agus dfírinne.

16 Féuċ orum, agus déan trocaire orum; taḃair do neart dot ṡeirḃíseaċ, agus tárṫuiġ mac hinneilte.

17 Déan riomsa coṁarṫa ċum maiṫesa; agus faicdís sin an luċd ḟúaṫuiġios mé, agus bíoḋ náire orra: do ḃriġ, a ṪIĠEARNA, gur ċuidiġ tusa leam, agus go ttugais meisneaċ ḋaṁ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan