Psailm 84 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXXIV. Gu ḃfuil cumann na náoṁ a ttiġ Dé, ro iniarraiḋ. Don ṗríṁḟear ceóil ar Ġittit, Psalm do ṁácaiḃ Córah. 1 Cred é a ġeanaṁla hionad suiġe, a ṪIĠEARNA na slóġ. 2 A tá manam fonnṁar, mar an ccéadna ag meirtniuġaḋ re dúil a ccúirtiḃ an TIĠEARNA: gáiriġ mo ċroiḋe ag mfeóil amaċ ċum an Dé ḃí. 3 Fós, do ġeiḃ an gealḃonn féin tiġ, agus a náinléog nead dí féin, mar a ccuireann a hóigéin, haltóraċsa, a ṪIĠEARNA na slóġ, mo Ríġ, agus mo Ḋía. 4 O is beanuiġe an drong noċ áitreaḃus ann do ṫiġ: molfaid ṫú a ccoṁnuiġe. Selah. 5 Is beannuiġe an nduine agá ḃfuil a neart ionnadsa; a ḃfuil do ṡliġe na ċroiḋe. 6 Noċ ag gaḃáil ṫríd ġleann Bacca do níd é aṁuil tiubruid; agus líonuid fós a nfearṫuinn na loċáin. 7 Imṫiġid ó neart go neart, do ċífíġear gaċ aon a laṫair Dé a Sion. 8 A ṪIĠEARNA a Ḋé na slóġ, cluin murnuiġ: taḃair éisdeaċt, a Ḋé Iacob. Selah. 9 A Ḋé ar scíaṫ, dearc agus feuċ, ar aġaiḋ hungṫaiġ féin. 10 Oír is féarr lá ann do ċúirtiḃsi ná míle. Do bféarr leam ḃeiṫ am ḋoirseóir a ttiġ Dé, ná ḃeiṫ am ċoṁnuiḋe a bpáilliún an ċiontuiġ. 11 Oír is grían agus scíaṫ an TIĠEARNA Día: do ḃéaraiḋ an TIĠEARNA grása agus glóir: ní ċuinneoċaiḋ sé maiṫ ón luċd do ṡiuḃlus go díreaċ. 12 A ṪIĠEARNA na slóġ, is beannuiġe an duine ċuirios a ḋóiġ ionnadsa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society