Psailm 83 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXXIII. Guiḋe a naġaiḋ coṁċogáir na naṁad ré ċéile anasaónta Dé agus a ḋaóine. Caintic agus Psalm Asaṗ. 1 A Ḋe, ná bí ad ṫoċd: ná bí boġar, agus ná coisg, a Ḋé. 2 Oír, féuċ, do níd do naiṁde coṁmbuáiḋreaḋ: agus tógḃaid luċt ṫfuaṫuiġṫe a cceann. 3 A naġaiḋ do ḋaóinesi do ġaḃadar coṁairle uáigneaċ go meaḃlaċ, agus do ċúadar a ccoṁairle a naġaiḋ háoin ḃfoluiġeaċ. 4 Dúḃradar, Tagaiḋ, agus gearram amaċ íad ó ḃeiṫ na gcineaḋ; go naċ ccuiṁneoċṫar ainm Israel nísa mó. 5 Oír do ċoṁairliġeadar ré ċéile dáontoil: atáid coiṁċeangailte ad aġaiḋ: 6 Páilliún Edom, agus na Hismaelítiġ; Móab, agus na Hagaréniġ; 7 Gébal, agus Ammon, agus Amalec; na Ṗilistiniġ maille ris an ndroing ċoṁnuiġios ag Tíor; 8 Atá Assur air na ċeangal léo mar an ccéadna: agus bá cungnaṁ íad do ċloinn Lot. Selah. 9 Déansa orrasan mar do rinnis air na Ṁidianiġ; air Ṡisera, air Iábin, ag aḃuinn Císon: 10 Noċ do ṫuit ag Endor: do rinneaḋ aóileaċ ḋíoḃ ċum na talṁan. 11 Déan a ndáoine nuáisle mar Oreb, agus mar Seeb: agus a bprionnsuiḋe uile mar Seba, agus mar Salmunnah: 12 Noċ a duḃairt, Glacam ċuguinn féin tiġṫe Dé mar oiġreaċd. 13 O mo Ḋía, déan aṁuil roiṫlean iad; mar an gconnlaċ air aġaiḋ na gaóiṫe. 14 Mar loisgios an teine coill, mar ċuirios an lasair na sléiḃte tre ṫeine; 15 Aṁluiġ sin déansa ainleanṁuin orra led anfaḋ, agus buaiḋir íad led stoirm. 16 Líon a naiġṫe lé náire; ċor go níarruid hainm, a ṪIĠEARNA. 17 Claóiḋtear agus buáiḋearṫar íad go siorruiḋe; bíoḋ náire orra, agus meaṫaid: 18 Ċor go mbia a ḟios aca gur tusa aṁáin, dárab ainm IEHOḂAH, is ro áirde ós cionn na talṁan uile. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society