Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 82 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXXXII. Dleasdanas na mbreiṫeaṁan.
Psalm Asaṗ.

1 Seasuiḋ Día a gcoṁḋáil Dé; breaṫnuiġ sé a meaḋon na ndée.

2 Ca fad ḃéiṫí ag breiṫ ḃreiṫeaṁnuis go neiṁċeart, agus ġéaḃṫáoi pearsanna na gciontaċ? Selah.

3 Déanaiḋ ceart don ḃoċt agus don dílleaċta: déanuiḋ cóir don duine ċráite agus do neasḃuiḋeaċ.

4 Sáor an boċt agus an ríaċtanaċ: ó láiṁ an duine urċóidiġ tárṫuiġ é.

5 Ní haiṫne ḋóiḃ, agus ní háill léo a ṫuigsin; siuḃluid síad a ndorċadas: atáid uile ḃunáite na talṁan ar na ccorruġaḋ.

6 A duḃairt mé, Is dée siḃ; agus is clann an té is ro áirde siḃ uile.

7 Aċt do ġeaḃṫaói bás aṁuil an duine, agus tuitfiġṫí mar aon do na prionnsaḋuiḃ.

8 Eiriġ, a Ḋé, beir breiṫeaṁnus air an ttalaṁ: óir ġeaḃair oiġreaċt air a nuile ċineaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan