Psailm 81 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXXI. Rí iomḋa maiṫ uáinn, agus tiocfaiḋ iomḋa olc oruinn, ċion buiḋeaċuis. Don ṗríṁḟear ceóil ar Ġittit, Psalm Asaṗ. 1 Luaṫġairiġ ċum Dé ar neart: déanaiḋ fuáim ṁeanmnaċ ċum Dé Iácob. 2 Glacaiḋ psalm, agus tugaiḋ an tiompán liḃ, an tsiterne ṫaiġiúir maille ris an ccláirsiġ. 3 Séidiġ an stoc annsa ngealuiḋ núaḋ, annsa núair ċinte, ló ar ḃféile. 4 Oír is dliġeaḋ so do Israel, reaċt ó Ḋía Iácob. 5 Mar ḟiaḋnuise do ṡuiġiḋ sé é do Ióseṗ, a nuáir do ċuáiḋ sé ṫríd ṫalaṁ na Hégipte: mar a ccúaluiḋ mé teanga nar ṫuigios. 6 Dáṫruiġ mé a ġúala ó núalaċ: do sáoraḋ a láṁa ó na potuiġiḃ. 7 A mbuáiḋreaḋ do ġoir tú, agus do ṡáor mé ṫú; do ḟreagair mé ṫú a nionad uáigneaċ na tóirniġe: do ḋearḃ mé ṫú láiṁ ré huisgeaḋuiḃ Meribah. Selah. 8 Eist, ó mo ṗobal, agus do ḋéanadsa fiaġnuise ḋuit: ó Israel, ma eístir liom; 9 Ní biáiḋ ionnadsa día coiṁṫiġeaċ; agus ní ċláonfa tú ṫú féin do ḋía coigcríċe. 10 Is misi an TIĠEARNA do Ḋía ṫug súas ṫú as críċ na Hégipte: fosgail do ḃéul go fairsing, agus líonfa misi é. 11 Aċt níor éisdeadar mo ḋaóine rem ġuṫ; agus níor uṁluiġ Israel daṁ. 12 Agus do léigios dóiḃ imṫeaċd a míangus a ccroiḋe: do ṡioḃladar iona ccoṁairle féin. 13 O dá néistfedís mo ḋáoine riomsa, dá siuḃlaḋ Israel ann mo ṡliġṫiḃ! 14 Do ḃéuruinn a naiṁde a núas go haiṫġéarr agus dfillfinn mo láṁ air a neasccáirdiḃ. 15 Duiṁleoċaidís luċt fúaṫa an TIĠEARNA íad féin go faṫaċ ḋó; aċt do ḃíaḋ a naimsirsion go siorrúiḋe. 16 Agus do ḃeaṫoċaḋ sé íad le méuṫus cruiṫneaċda: agus lé mil amaċ as an ccarruic do ṡáiseoċuinn ṫú. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society