Psailm 80 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXX. Gaḃaiḋ Día cúram ḋá ḟineaṁain, 1 ḋá eaglaisi fein, giḋ ata anois ar na cognaṁ agus ar na toċlaḋ. Don ṗríṁḟear ceóil air Ṡosannim Edut, Psalm Asaṗ. 1 O a aoḋaire Israel, taḃair éisdeaċd, ṫusa noċ ṫréoruiġios Ióseṗ aṁuil ṫréad; deálruiġiḋsi amaċ, noċ ṡuiġios ar na ċeruḃíniġ. 2 Roiṁe Eṗraim agus Ḃeniamin agus Ṁanasseh corruiḋ súas do neart, agus ttárṫuiġ sinn. 3 A Ḋé, iompoiġ sinn, agus taḃair air haġaiḋ deálruġ; agus bíam slán. 4 A ṪIĠEARNA a Ḋé na slóġ cá fad ḃías tú feargaċ a naġaiḋ urnaiġe do ḋaóine? 5 Do ḃeaṫuiġ tú íad ré harán na ndéor; agus ṫugais orra déora iḃe go fairsing. 6 Do ní tú imriosuin dínn dár ccoṁarsanaiḃ: agus do níd ar naiṁde magaḋ eaturra féin. 7 A Ḋé na slóġ, iompóiġ sinn arís, agus taḃair air haġaiḋ deálraḋ; agus bíam slán. 8 Ṫug tú fíneaṁuin as an Négipt: do ṫeilgis amaċ na cineaḋaċa, agus do ċuir tú í. 9 Do ṡolaṫair tú ionad roimpe, agus ṫugais air a fréaṁaċ fréaṁaḋ, agus do líon sí an talaṁ. 10 Do folċaḋ na sléiḃte re na scáile, agus ba séadair ṁóra a beangáin. 11 Do ċuir sí amaċ a beangáin go nuige an ṁuir, agus a gaḃláin gus a naḃuinn. 12 Cred far ḃrisis síos a fálta, ċor go sgoṫaid í gaċ a ngaḃann an tsliġe? 13 Toċlaiḋ fíaḋ-ċullaċ na coilleaḋ í, agus iṫiḋ beaṫaċ állta an ṁaġa súas í. 14 A Ḋé na slóġ, iompóiġ, a íarmid daḋċuinge ort: féuċ ó neaṁ, agus faic, agus tárr dféaċain na fíneaṁnaso; 15 Agus an stoc do ṗlannduiġ do láṁ ḋeas, agus an beangán do rinne tú coṁláidir sin duit féin. 16 Atá sí ar na losgaḋ ré teine, géarrṫa síos: meaṫaid ré haċṁusán do ġnúise. 17 Bioḋ do láṁ air ḟear do láiṁe deise, air ṁac an duine noċ do rinnis coṁláidir sin duit féin. 18 Agus ní raċam ar ccúl uáitsi: béoḋuiġ sinn, agus gairfiom air hainm. 19 A ṪIĠEARNA a Ḋé na slóġ, iompóiġ arís sinn, agus taisbéin haġaiḋ ḋúinn; agus bíam slán. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society