Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 79 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXXIX. Eidirġuiḋe, go fearg Dé ré Ierusalem, do aṫruġaḋ ċúm a naiṁdiḃ.
Psalm ċum Asaṗ.

1 A Ḋe, ṫangadar na geinte a steaċ ann hoiġreaċt; do ṫruáilliġeadar teampall do naoṁṫaċda; do leagadar Ierusalem na cárnaiḃ.

2 Ṫugadar cuirp ṁarḃa do ṡeirḃíseaċ mar ḃíaḋ déanlaiṫ a naiéir, féol do náoṁ dainṁintiḃ na talṁan.

3 Do ḋóirteadar a ḃfuil mar uisge timċioll fá gcuáirt Ierusalem; agus ní raiḃ áon do aḋlacaḋ íad.

4 Atámuid ar scannail ag ar ccoṁarsanaiḃ, ar ttarcuisne agus ar magaḋ ag an luċt atá ar gaċ táoḃ ḋinn.

5 Cá fad, a ṪIĠEARNA? ḃías tú feargaċ go bráṫ? an lasfuiḋ héad mar ṫéine?

6 Dóirt ṫfearg amaċ ar na geintiḃ da naċ aiṫne ṫú, agus air rioġaċtaiḃ nar ġoir air hainm.

7 Oír a dúadar Iácob, agus do rinneadar fásaċ dá ionad coṁnuiġ.

8 Ná cuiṁniġ ar naġaiḋ peacaiḋ ar sinnsior: tárrṫuiġeaḋ do ṫrócaire sinn go lúaṫ, óir tugaḋ go ro ísiol sinn.

9 Caḃruiḋ sinn, a Ḋé ar slánuiġṫe, ar son glóire hanma féin: agus sáor sinn, agus glan inn ó ar bpeacaḋuiḃ, ar son hanma féin.

10 Cred fá naibéoraidís na geinte, Cáit a ḃfuil a Ndía? go naiṫeantar é a measc na ngeinteaḋ ós coinne ar súl ré dioġaltas fola do ṡeirḃíseaċ noċ do dóirteaḋ.

11 Tigeaḋ osnaḋaċ an ṗríosúnaiġ ós do ċoinne; do réir árraċdais do láiṁe tárrṫáilse na luċd do hórduiġeaḋ ċum báis;

12 Agus taḃair dar ccoṁarsanaiḃ a ṡeaċd noirid iona mbrollaċ a scannail féin, re ar scannluiġeadar ṫusa, a ṪIĠEARNA.

13 Agus sinne do ḋaóine agus caóiriġ hinnḃir ḃéaram buiḋeaċus duit go bráṫ: agus molfam ṫú ó ġinealaċ go ginealaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan