Psailm 78 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXVIII. Rúinndíaṁra na sean aimsir. Psalm teagaisg Asaṗ. 1 Tugaiḋ, ó mo ṗobal, éisteaċt dom ḋliġeaḋ: cláonuiḋ ḃur cclúas ċum bríaṫar mo ḃéil. 2 Foisgeolad mo ḃéul a ccosaṁlaċt: noċtfa mé laḃarṫa dorċa ón tseanaimsir: 3 Noċ do ċúalamar agus bá fios dúinn, agus dinnisiadar ar naiṫre ḋúinn. 4 Ní ċeilfiom air a ccloinn íad, ag innisin don ġinealaċ ṫiocfas molta an TIĠEARNA, agus a ċuṁaċta, agus na míorḃuile do rinne sé. 5 Oír do ḋaingniġ sé fiaḋnuise ann Iácob, agus dórduiġ sé dliġeaḋ a Nísrael, noċ daiṫin dar naiṫriḃ, a ḟoillsiuġaḋ dá gcloinn: 6 Ċum go mbiáiḋ a ḟíos ag an nginealaċ do ṫiucfaḋ, ag na leiniḃ do béartaoi; agus ag éirġe go ninneosaidís dá gcloinn féin: 7 Agus go ccuirfedís a ndóṫċus a Ndía, agus naċ dearmadfaidís oibreaċa Dé, agus go cconneoċaidís a aiṫeanta: 8 Agus gan a ḃeiṫ mar a naiṫre, ginealaċ neiṁċeannsuiġ agus easuṁal; ginealaċ naċ díriġionn a ccroiḋe go ceart, agus naċ ḃfuil a spiorad fírinneaċ do Ḋía. 9 Ar mbeiṫ do ṁacuiḃ Eṗraim, armṫa, ag láṁaċ re boġa, dfilliodar air a nais a ló an ċaṫa. 10 Níor ċongṁadar connraḋ Dé, agus do ḋiúltadar imṫeaċt iona ḋliġeaḋ; 11 Agus do ḋearmadar a oibreaċa, agus a ionganta noċ dfoillsiġ sé ḋóiḃ. 12 Do laṫair a naiṫreaḋ do rinne se miorḃuil, a ttalaṁ na Hégipte, a maċaire Soan. 13 Do scoilt se a nfairge, agus ṫug íadsan tríṫe; agus ṫug air na huisgeaḋuiḃ seasaṁ mar ċárn. 14 Agus do ṫréoruiḋ íad a néull san ló, agus air feaḋ na hoiḋċe ré solus teineaḋ. 15 Do scoilt sé na cairge annsa díoṫraṁ, agus ṫug deoċ ḋóiḃ go fairsing mar buḋ as a naigéan. 16 Agus ṫug sé sroṫa amaċ as na cairgiḃ, agus ṫug sé air na huisgiḋiḃ rioṫ síos aṁuil aiḃne. 17 Agus do ṗeacuiġeadar fós na aġaiḋ re caṫuġaḋ do ċur annsa díoṫraṁ air an té is ro áirde. 18 Agus do ċuireadar caṫuġaḋ air Ḋía iona gcroiḋe ag íarruiḋ bíḋ dá nainṁíannuiḃ. 19 Do laḃradar fós a naġaiḋ Dé; a duḃradar, An ḃféadann Día bórd do líonaḋ le bíaḋ san díoṫraṁ? 20 Féuċ, do ḃuáil sé an ċarrac, agus do lingeadar uisgeaḋa amaċ, agus do ṫuiliġeadar sroṫa; an ḃféadann sé arán do ṫaḃairt úaḋ mar an ccéadna? an féidir leis feóil do ṡolaṫar dá ḋáoiniḃ? 21 Ar a naḋḃarsin do ċúala an TIĠEARNA sin, agus do ḃí ro ḟeargaċ: iondus go raiḃ teine ar na lasaḋ a naġaiḋ Iácob, agus mar an gcéadna ṫaínig díḃḟearg súas a naġaiḋ Israel; 22 Do ḃríġ nar ċreidiodar a Ndía, agus nar ċuireadar a ndóiġ iona ṡlánuġaḋ: 23 Giḋ gur aiṫin sé do na néulluiḃ ó náird a núas, agus gur ḟoscuil doirse niṁe, 24 Agus gur ḟear orra manna re iṫe, agus go ttug sé arḃar ó neaṁ ḋóiḃ. 25 Do iṫ an duine aran na naingeal: do ċuir sé a ndíol bíḋ ċuca. 26 Ṫug sé air an ngaóiṫ a noir gaḃáil ṫort is neaṁ: agus re na ċuṁaċda ṫug sé a steaċ an ġáoṫ a ndeas. 27 Agus dfear sé feóil orra mar luáiṫreaḋ, agus éanlaiṫ sciaṫánaċ mar ġaineaṁ na fairge: 28 Agus ṫug orra a tuitim a meaḋón an ċampa, a ttimċioll a ionad coṁnuiḋe. 29 Mairsin a dúadar, agus do ḃadar sáiṫeaċ go lor: óir ṫug sé ḋóiḃ a mían féin; 30 Ní ḋéarnaḋ fós coiṁiġeaċ íad óna nainṁíanuiḃ féin. Do ḃí a mbíaḋ fós iona mbéul, 31 A núair ṫáinic fearg Dé orra, agus do ṁarḃ da ndáoiniḃ méiṫe, agus do leag síos roġa oigḟear Israel. 32 Ṫairis so uile do ṗeacuiġeadar fós, agus níor ċreidiodar ar son a ionganta. 33 Agus do ċaiṫ sé a láeṫe a ndíoṁáoineas, agus a mblíaḋna a mbuáiḋreaḋ. 34 A nuáir do ṁarḃ sé íad, is annsin do ṡiriodar é: agus dfilliodar agus do ṡireadar Día go moċ, 35 Agus do ċuiṁniġeadar gur bé Día a ccarruic, agus an Día láidir a ḃfúascaltóir. 36 Agus do rinneadar spleaḋa ris re na mbéul, agus bréaga re na tteangaiḋ. 37 Aċt ní raiḃ a ccroiḋe leis, agus ní raḃadar fírinneaċ ann a ċunnraḋ. 38 Ṫairis sin, mar do ḃí sé trócaireaċ, do ṁaiṫ a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a ḟearg tar a hais, agus níor ṁúscail sé a ḋiḃḟearg uile. 39 Agus do ċuiṁniġ gur ḃfeóil íad; anál do imṫiġios, agus naċ ḃfillean. 40 Cá ṁéud úair do ċorruiġeadar é annsa díoṫraṁ, agus do ċuireadar doilġios air annsa ḃfásaċ! 41 Agus dfilliodar agus do ċuireadar caṫuġaḋ ar Ḋía, agus do ċuireadar an Táon Náoṁṫa Israel a gcuimsi. 42 Níor ċuiṁniġeadar a láṁ, nó an lá do ṡáor sé íad ó na náṁuid. 43 A nuáir do ċuir a ċoṁarṫaḋa san Négipt, agus a ionganta a maġ Soan: 44 Agus diompóiḋ a sroṫa a ḃfuil; agus a naiḃne, go nar ḃféidir ḋóiḃ deoċ ól. 45 Do ċuir sé iona measc iomad cuiléog, noċ do iṫ íad; agus an luisgionn, noċ do scrios íad. 46 Agus ṫug sé a mbiseaċ don dréollán-teasḃuiḋ, agus a saoṫar don lócuist. 47 Do ṁarḃ a ḃfíneaṁuin ris an gcloiċṡneaċta, agus a ccroinn siocamor ris an gcuisne. 48 Agus ṫug a neallaċ don ċloiċṡneaċda, agus a ttréuda do na teinntiġ. 49 Do ċuir sé orra teas a ḟeirge, fíoċ, agus aingiḋeaċd, agus buaiḋreaḋ, ré cur droċaingiol na measc. 50 Do ċoṁṫromuiġ sé sliġe ḋá ḟeirg; níor ċáoṁuin a nanam ó ḃás, agus ṫug sé a mbeaṫa don ṗláiġ; 51 Agus do ḃuáil sé céidġeine na Hégipte; tosaċ a néirt a bpáilliúnuiḃ Ham: 52 Agus ṫug air a ḋaoiniḃ dul ṫairis mar ċáorċaiḃ, agus do ṫréoruiḋ aṁuil tréud annsa díoṫraṁ íad. 53 Agus do ṫréoruiḋ amaċ íad ré dánaċd, agus ní raiḃ eagla orra: agus dfoluiġ a nfairge a naiṁde. 54 Agus ṫug sé íad go himeal a ṡanctora, an slíaḃso, noċ do ġnoḋuiġ a láṁ ḋeas. 55 Agus do ṫeilg amaċ rompa na geintiġe fós, agus do roinn sé oiġreaċd dóiḃ re crannċaír, agus ṫug air ṫreaḃuiḃ Israel áitriuġaḋ iona nionad suiḋe. 56 Giḋeaḋ do ċuireadar caṫuġaḋ agus do ḃrostuiġeadar an Día is ro áirde, agus níor ċongṁadar a ḟíaḋnuisiġ: 57 Aċt dfilliodar air a ccúl, agus do ṗeacuiġeadar go míoċoinġiollaċ mar a naiṫre: do ḃádar air na niompóġ mar ḃoġa cealgaċ. 58 Agus do ċorruiġeadar é ċum feirge le na náitiḃ árda, agus re na níoṁáiġiḃ ceirḃéarṫa do ġluáisiodar é ċum éada. 59 Do ċúalaiḋ Día sin, agus do ḃí fearg air, agus do ḟúaṫaiḋ Israel go ro ṁór: 60 Agus do ṫréig sé tabernacuil Ṡilo, an páillíun noċ do ṡuiġiḋ sé a measc a ḋaóine; 61 Agus do ṫoirḃir a neart a mbraiġdionas, agus a ġlóir a láiṁ na náṁad. 62 Ṫug sé mar an ccéadna a ḋaóine don ċloiḋioṁ; agus do ḃí sé feargaċ re na oiġreaċd. 63 Do loisg an teine roġa a ndaóine óg; agus níor ṁolaḋ a maiġdiona. 64 Do ṫuiteadar a sagairt ris an ccloiḋeaṁ; agus níor ġuileadar a mbaintreaḃaċa. 65 Ann sin do ṁúscuil an TIĠEARNA mar ḋuine na ċodlaḋ, agus mar ḋuine árraċta ag gárrṫa tre ḟíon. 66 Agus do ḃuáil a naiṁde iona ndeireaḋ: ṫug sé scannail ṡíorruiḋe ḋóiḃ. 67 Agus do ḋíult sé áitreaḃ Ióseṗ, agus níor ṫoġ sé treaḃ Eṗraim: 68 Aċt do ṫoġ sé treaḃ Iúdah, slíaḃ Sion noċ dob ionṁuin leis. 69 Agus do ċuir súas a ṡanctóir cosṁuil re pálásaiḃ árda, mar an ttalaṁ noċ do ṡuiġiḋ sé go síorruiḋ. 70 Agus do ṫoġ sé Dáiḃi a ṡeirḃíseaċ ċeana, agus rug sé ó ṁanraċaiḃ na ccáoraċ é: 71 O ḃeiṫ a ndiáiġ na ccáoraċ ann a raiḃ uáin ṫug sé é do ḃeaṫuġaḋ Iácob a ṗobal, agus Israel a oiġreaċd. 72 Agus do ḃeaṫaiḋ sé íad ré iomláine a ċroiḋe; agus do ṫréoruiḋ íad lé héolus a láṁ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society