Psailm 77 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXVII. Déis caṫ gar geatorra, 10 do ḃuaġuiḋ creideaṁ an duine ar a ṁíċreidiṁ. Don ṗríṁḟear ceóil do Iedútun, Psalm Asaṗ. 1 Do ġáirios ċum Dé rem ġuṫ, ċum Dé rem ġuṫ; agus ṫug sé éisdeaċt daṁ. 2 A ló mo ḃúaiḋearṫa do ṡir mé an TIĠEARNA: do ḃí mo láṁ san noiḋċe ar na dórtaḋ amaċ, agus ní ḋéarnuiḋ coṁnuiġ: do ḋiúlt manam coṁḟurtaċd do ġlacaḋ. 3 Do ċuiṁniġ mé ar Ḋía, agus do ḃí mé buáiḋearṫa: do ġearán mé, a nuair do ḃí mo spiorad ar na iomḃáṫaḋ. Selah. 4 Congḃuiġ tú mo ṡúile na ndúsaċd: a táim coṁbuáiḋearṫa is sin naċ ḃféuduim laḃairt. 5 Do ṁeas mé na laéṫe seannda, bliaḋna na seanaimsire. 6 Cuiṁniġim mo ṡeinm san noiḋċe: meaḋuiġim rem ċroiḋe: agus cúartuiġ mo spiorad, ag ráḋ. 7 An tteilgfe an TIĠEARNA uáiḋ go bráṫ? agus naċ biáiḋ sé faḃarṫaċ ní sa ṁó? 8 Nar ċoisg a ṫrócaire go bráṫ? nar ḟailliġ a ḟocal ó ġinealaċ go ginealaċ? 9 Nar ḋearmuid Día ḃeiṫ grásaṁuil? nar íaiḋ sé súas a ḃfeirg a ṫrócaire ċineulta? Selah. 10 Agus a duḃras, A nois tionsgonad, ag so cláoċló deasláiṁe an té is ro áirde. 11 Cuíṁneoċad oibreaċa an TIĠEARNA: go deiṁin cuiṁneoċad hoibreaċa iongantaċa ón tseanaimsir. 12 Agus smuáinfiod ar hoibreaċaiḃ uile, agus air do ġníoṁarṫuiḃ do ḋéan cúiṁne. 13 O a Ḋé, is a náoṁṫaċt, atá do ṡliġe: cía atá na Ḋía coṁmór re Día! 14 Is tusa an Día noċ do ní obair iongantaċ: do ċuir tú do neart a nuṁail a measc na ndáoine. 15 Dfúasgail tú led láiṁ do ḋaoine, clann Iácob agus Ióseṗ. Selah. 16 Do ċonncadar na huisgeaḋa ṫú, a Ḋé, do ċoncadar na huisgeaḋa ṫú; do ḃí eagla orra: do ḃádar na haigéin buáiḋearṫa. 17 Do ḋóirteadar na néulla amaċ uisgeaḋa: ṫugadar na spéiriġ fúaim: do ċúadar fós do ṡoiġde timċioll. 18 Do ḃí fúaim do ṫóirniġe annsna spéiriġ: dfoillsiġ do ṫinnteaċa an saoġal: do ċrioṫnuiġ agus do ġaḃ eagla an talaṁ. 19 Annsa ḃfairge atá do ṡliġe, agus do ċasán annsna huisgeaḋuiḃ móra, agus ní haiṫniṫear do ċoiscéime. 20 Do ṫreoruiġís mar ṫréud do ḋaóine ré láiṁ Ṁaóise agus Aaron. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society