Psailm 76 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXVI. Morḋaċt Dé, mar ḋídinoir na heagluise. Don ṗríṁḟear ceóil air Neginot, Psalm no caintic Asaṗ. 1 Aiṫniġṫear Día ann Iúdah: is mór a ainm a Nísrael. 2 Agus a Sálem atá a ṗáilliún, agus a ionad coṁnuiḋ a Síon. 3 Annsin do ḃris sé saiġde an ḃoġa, an sgíaṫ, agus an cloiḋeaṁ, agus an caṫ. Selah. 4 Atá tú loinnearḋa agus oirḋeirc ós cionn ṡléiḃte na creiċe. 5 Do creaċaḋ na daóine meisneaṁla a ccroiḋe do ċodladar a gcodlaḋ: agus ní ḃfúaradar na daoine cuṁaċdaċa a láṁa. 6 Réd iomaiṫḃeara, a Ḋé Iácob, do teilgioḋ an carbad agus an teaċ ar áon a ccodlaḋ ṁarḃṫaċ. 7 Atá tusa, ṫusa féin úaṫḃásaċ: agus cía ṡeasfas ós do ċoinne a nam ṫféirge? 8 Ṫugais fa deara breiṫeaṁnus do ċloisdean ó neaṁ; do ḃí eagla air an ttalaṁ, agus do ḃí na ċoṁnuiḋe. 9 A nuáir déiriġ Día ċum breiṫeaṁnuis, do ċuṁdaċ ḋaóine ceannsuiġ ná talṁan uile. Selah. 10 Oír molfaiḋ díḃḟearg an duine ṫusa, toirmiosguiḋ tusa fuiġioll a ḃfeirge. 11 Móidiġ, agus coiṁlíonuiḋ don TIĠEARNA ḃur Ndía: tugaidís gaċ a ḃfuil na ṫimċioll tioḋlacaḋ ċuigesion roiṁe ar dúal a ḃeiṫ faiteaċ. 12 Géarrfa sé ṫríd amaċ spiorad na bprionnsaḋ: is úaṫḃásaċ é do riġṫiḃ na talṁan. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society