Psailm 74 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXIV. Urnaiġ ag iarraiḋ furtaċd don eagluis ro ḃrúiġte. Psalm teagaisg Asaṗ. 1 Cred fár ṫeilgis uáit go bráṫ sinn, a Ḋé? a ndéana ṫfearg deataċ a naġaiḋ ċáoraċ hinnḃir féin? 2 Coiṁniġ do ċoiṁṫionól, noċ do ċeannuiġ tú fada ó ṡin; dfúascail tú slat hoiġreaċta; do ċnoc Sion, ann ar ċoṁnúiġis. 3 Tóg súas do ċosa ċum na ḃfásaċ síorruiḋe; a nuile olc da ndéarnaiḋ an náṁaid annsa tsanctóra. 4 Béiciḋ do naiṁde a meaḋon do ċoiṁṫionól; do ṡáiṫeadar a mbrataċa mar ċoṁarṫaiḃ. 5 Bá clúiteaċ an té noċ do ṫógaḋ a ṫúaiḋ go hárd ar ṫiuġ na coille. 6 A nois mar an ccéadna buailid síos a obair ċeirḃeireaċda re tuaḋuiḃ agus re hórduiḃ. 7 Do ċuireadar an tsanctóir tre ṫeine go talaṁ, do ṫruáilliġeadar ionad coṁnuiḋe hanmasa. 8 A duḃradar iona gcroiḋṫiḃ, Scriosam íad a naóinḟeaċd: do ċuireadar tré ṫeine gaċ uile ċoiṁṫionól re Día annsa dúiṫċe. 9 Ní ḟaicmíd ar ccoṁarṫaḋa: ní ḃfuil áon ḟáiḋ ní as mó: ní mó atá áon agá ḃfuil a ḟios cá fad. 10 Cá fad, a Ḋé, ḃías a neasccara ag scannluġaḋ? an mbía an náṁuid ag tarcuisniuġaḋ ċoiḋċe? 11 Cred fá ḃfillionn tú do láṁ, do láṁ ḋeas féin? connaiṁ í ó lár do ḃrolluiġ. 12 Oír se Día mo Ríġ a ríaṁ, ag oibriuġaḋ slánuiġṫe a meaḋon na talṁan. 13 Do roinn tú a nfairge léd neart: do ḃris tú cinn na ndragún annsna huisgeaḋuiḃ. 14 Do ḃrúiġis cinn an leḃíatan; ṫugais é mar ḃíaḋ do na daóiniḃ annsa ḃfásaċ. 15 Do scoilt tú toibreaċa agus sroṫa: do rinnis aiḃne móra tirim. 16 Is duitsi is dúal an la, is leatsa fós a noiḋċe: dórduiġ tú an solus agus an ġrían. 17 Do ṡuiġiḋ tú imiol na talṁan uile: do ċum tú saṁraḋ agus geiṁreaḋ. 18 Cuiṁniġ so, a ṪIĠEARNA, gur scannluiġ an náṁuid, agus gur ṫarcuisniġeadar na daóine leaṁa hainm. 19 Ná taḃair anam do ċolum do ċuideaċda na náṁad: coiṁṫionól do ḃoċd ná dearmaid ċoiḋċe. 20 Taḃair haire don ċonraḋ: óir atáid áitreaḃuiġ dorċa na talṁun lán dáitriḃ foiréigin. 21 Na léig do luċt an leatruim filleaḋ fa náire: molaid na boiċt agus na huireasḃaċa hainm. 22 Eíriġ, a Ḋé, tagair do ċúis féin: cuiṁniġ do ṫarcuisne ó namadán air feaḋ an laói. 23 Ná dearmuid guṫ do náṁad: an luċd éirġios ad aġaiḋ ag méuduġaḋ a gcoṁnuiġe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society