Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 72 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXXII. Urnaiḋ arson Ṡolaṁ, noċ do bfioġair do Ċríosd.
Psalm do Ṡolaṁ.

1 A Ḋe, taḃair do ḃreiṫeaṁnus don ríġ, agus ṫfíréuntaċt do ṁac an ríġ.

2 Breiṫneoċuiḋ sé do ṗobal ré ceart, agus do ḃoċta ré breiṫeaṁnus.

3 Do ḃéuraid na sléiḃte síoṫċáin ċum na ndaóine, agus na cnoic ḃeaga, maille re ceart.

4 Béuraiḋ sé breaṫ ar ḃoċtaiḃ na ndaóine, sáorfa sé clann na neasḃaḋaċ, agus brisfe sé an fear sáruiġṫe a mbloiḃ.

5 Biáiḋ heagla orra an feaḋ ḃías an ġrían ann, feaḋ ṁairfeas an ġealaċ, ó ġinealaċ go ginealaċ.

6 Tiucfaiḋ sé a núas aṁuil a nfearṫuinn air an ḃféur géarrṫa: mar na ceaṫaiḃ fliuċaḋ na talṁan.

7 Iona láeṫaiḃsin bláiṫfid na fíréin; agus iomad síoṫċána an feaḋ ḃias án ġealaċ ann.

8 Agus biáiḋ tiġearnus aige ó ḟairge go fairge, agus ón tsruṫ go téorannuiḃ na talṁan.

9 Cláonfuid na ḟíaġnuisi an drong áitreaḃus annsa díoṫraṁ; agus liġfid a naiṁde an luáiṫreaḋ.

10 Do ḃéuraid ríġṫe Tarsis agus na noiléan tioḋlacaḋ: toirḃeoruid ríġṫé Seba, agus Séba pronta.

11 Agus tuitfiḋ gaċ uile ríġ síos dá laṫair: do ḋéanaiḋ a nuile ċineaḋ seirḃís dó.

12 Oír sáorfuiḋ sé an teasḃuiḋeaċ noċ do ní éiġeaṁ, agus an boċt mar an gceadna; agus an té ag naċ ḃfuil fear tárṫála.

13 Do ḋéana sé truáiġe don ḃoċt agus do neasḃaḋaċ, agus tárṫoċuiḋ sé anmanna na ndeireóil.

14 O ṁeallaḋ agus ó ḟoiréigion fuáisceoluiḋ sé a nanam: agus buḋ dáor a ḃfuil iona raḋarc.

15 Agus an feaḋ ṁairfeas sé, do ḃéara sé ḋó dór Ṡéba: agus do ḋéana sé guíḋe ar a ṡon do ġnáṫ; beinneoċar é go láeṫeaṁuil.

16 Biáiḋ dornán arḃa annsa talaṁ air ṁullaċ na slíaḃ; biáiḋ a ṫoraḋ sin ar críṫ cosṁuil ré Lebanon, agus do ḋéanuid caiṫriuġaḋ amaċ as an ccaṫruiġ mar luiḃ na talṁan.

17 Agus mairfiḋ a ainm go bráṫ: an feaḋ ḃías an ġrían ann iseaḋ ḃías a ainm ag leaṫnuġaḋ: agus beinneoċar dáoine annsan: goirfiḋ a nuile ċineaḋ sona ḋe.

18 Go maḋ beannuiġ ḃías an TIĠEARNA Día, Día Israel, noċ aṁáin do ní neiṫe iongantaċa.

19 Agus go maḋ beannuiġ ḃías a ainm glórṁar go bráṫ: agus líontar an talaṁ le na ġlóir; Amen, agus Amen.

20 Marso ċríoċnuiġios urnuiġ Ḋáiḃi ṁic Iesse.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan