Psailm 71 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXI. Ata Daiḃi ag aṫċoinniġ a ċongḃail daingean a ccráḃaḋ iona ṡeanaois. 1 Ionnadsa, a ṪIĠEARNA, cuirim mo ḋóiġ: ná náiriġṫear mé go bráṫ. 2 Ann tfiréantas fúasgail mé, agus sáor mé: cláon do ċlúas ċúgam, agus cúṁduiġ mé. 3 Bí ḋaṁsa ad ionad súiġe daingion, ċum a raċad do ġnáṫ: óir ṫugais aiṫne mo ṫárṫáil; is tú mo ċarruic agus mo ḋaingion. 4 Mo Ḋía, sáor mé, as láiṁ an ċiontuiġ, as láiṁ an duine neiṁḟíréunta agus ḟíoċṁair. 5 Oír is tú mo ḋóiġ, a ṪIĠEARNA Día: mo ḋóiġ óm óige. 6 Is leatsa do congṁaḋ súas mé ón mbroinn: is tú ṫug mé ó ionaṫar mo ṁaṫar: is tusa ṁolfas mé a ccoṁnuiġe. 7 Mar iongnaḋ do ḃí mé ag mórán; aċt is tusa mo ḋídean daingean. 8 Bíoḋ mo ḃéul líonta led ṁolaḋ honóir air feaḋ an laói. 9 Ná teilg seaċad mé a naimsir mo ṡeanaoise; a nuáir ḟailliġios mo neart na tréig mé. 10 Oír laḃruid mo naiṁde am aġaiḋ; agus luċt atá ag forḟaire air manam gaḃaid coṁairle ré ċéile, 11 Ag ráḋ, Do ṫréig Día é: inġreamuiġ agus gaḃaiḋ é; óir ní ḃfuil fear a ṫárṫála. 12 A Ḋé, ná bí a ḃfad uáim: mo Ḋía, deiṫfriġ dom ḟurtaċd. 13 Bídís claóiḋte agus dioġḃáite noċ atá na neasgcáirdiḃ dom anam; foluiġṫear íad lé scannail agus ré easonóir noċ íarrus molc. 14 Aċt biáiḋ dóṫċus agam do ġnáṫ, agus cuirfead a gcionn huile ṁolta. 15 Aiṫreosuiḋ mo ḃéul ṫfíréuntaċt air feaḋ an laói do ṡlánuġaḋ; bíoḋ naċ féidir liom a náirioṁ. 16 Raċad air maġaiḋ a neart an TIĠEARNA Día: traċdad ar ṫfíréuntaċdsa, ar aṁáin. 17 O Ḋé, do ṁúinis mé óm óige: agus go nuige so dfoillsiġ mé do ṁíorḃuile. 18 Anois fós a núair atáim sean agus líaṫ, a Ḋé, ná tréig mé; go ttaisbeana mé do neart don ġinealaċso, agus do ċuṁaċda do nuile ḋuine ṫiucfas. 19 Atá ṫfíréuntaċt fós ro árd, a Ḋé, noċ do rinne neiṫe móra: a Ḋé, cía is cosṁuil riotsa! 20 Ṫusa noċ do ṫaisbéin daṁ buáiḋearṫa iomḋa neiṁneaċa, béoḋoċair mé a rís, agus do ḃéarair súas mé ó ḋoiṁne na talṁan. 21 Foirlíonfa tú márraċtas, agus coṁfuirteoċa tú mé air gaċ taóiḃ. 22 Molfa mé fós ṫú air aḋḃaiḋ na sáltraċ, ṫfírinnesi, ó mó Ḋía: canfad sailm ḋuit leis an ccláirsiġ, ṫusa a Aóin Náoṁṫa Israel. 23 Do ḋéana mo ḃéul lúaṫġáire mar ċanfad sailm ḋuit; agus manam, noċ dfúascuil tú. 24 Laiḃeoruiḋ mar an gcéadna mo ṫeanga air ṫfíréantaċd feaḋ an laói: óir atáid claóite, atáid ar na nairiuġaḋ, an drong íarrus molc. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society