Psailm 69 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXIX. Urnaiġe ḋuine ar a ṡáruġaḋ; ag tairrgir scrios an luċd ṡáruiġṫe. Don ṗríṁḟear ceóil ar Ṡosannim, Psalm Ḋáiḃi. 1 Saor mé, a Ḋé; óir ṫangadar na huisgeaḋa go nuige manam. 2 Do sluigeaḋ mé a lábán roḋoṁuin, mar naċ ḃfuil ionad seasta: ṫáinig mé go doiṁne na nuisgeaḋ, agus tá an sruṫ ag dul ṫorum. 3 Atáim toirseaċ óm ċoṁarcuiḃ: do tiormuiġeaḋ mo scórnaċ, do ḟailliġeadar mo ṡúile tre mfoirḟeiṫeaṁ air mo Ḋía. 4 Do líonadar ós cionn ġrúaige mo ċinn an luċd agá ḃfuil fúaṫ orum gan aḋḃar: Is cuṁaċdaċ an luċd re ar mían mo ḋíoṫlaiṫriuġaḋ, ar mbeiṫ na naiṁde agam, go héagcóraċ: annsin daisig mé an ní nar ḟúaduiġios. 5 A Ḋé, is aiṫne ḋuitse mo leiṁe; agus ní ḃfuil mo ċionta a ḃfolaċ ort. 6 An drong atá ag feiṫioṁ ortsa, a ṪIĠEARNA Día na slúaġ, ná claóiḋṫear íad ná bíoḋ náire orra air mo ṡonsa: an drong íarrus ṫusa, a Ḋé Israel. 7 Do ḃríġ gur iomċair mé scannail ar do ṡonsa; atá maġaiḋ a ḃfolaċ lé náire. 8 Do rinneaḋ coiṁṫiġeaċ ḋíom dom ḋearḃráiṫriḃ, agus eaċtrannaċ do ċloinn mo ṁaṫar. 9 Oír a duáiġ éad do ṫiġesi súas mé; agus do ṫuit aċṁusán na druinge do scannluiġ ṫú orum. 10 Agus do ġuil mé, agus do ḃí manam a ttrosgaḋ, agus do ċuíreaḋ sin a cceann mo scannlaċ. 11 Agus do rinneas mo ċulaiḋ do ṡaicéadaċ; agus do ḃí mé am ṡeanḟocal acasan. 12 Agus do laḃradar an luċd ṡuiġios annsa ġeata am aġaiḋ; agus an luċt iḃios deoċ láidir do rinneadar aḃrán orum. 13 Aċt misi, atá mo ġuiḋe ċugadsa a ṪIĠEARNA, a nam ionġaḃála: a Ḋé, do réir ro iomad do ṫrócaire cluin mé, a ḃfírinne do ṡlánaiġṫe. 14 Sáor mé as an laṫaiḋ, agus ná léig mo ḋul a níoċtar: sáorṫar mé ó luċd mfúaṫaiġṫe, agus as doiṁne na nuisgeaḋ. 15 Ná leig do ṫuile na nuisgeaḋ dul ós mo ċionn, agus na léig do naigéan mo ṡlugaḋ, agus ná léig don ṗoll a ḃéul do ḋrud orum. 16 Cluin mé, a ṪIĠEARNA; oír is maiṫ do ċinéul gráḋaċ: do réir iomad do ṫrócaire ceannsa fill orum. 17 Agus ná foluiġ haġaiḋ ód ṡeirḃíseaċ; óir a táim a mbuaiḋreaḋ: déana deiṫfir dom éisdeaċd. 18 Druid a ngar dom anam fúasgail é: sáor mé do ḃríġ mo náṁad. 19 Is aiṫne ḋuitsi mo scannail, agus mo náire, agus measonóir: atáid mo naiṁde uile ós do ċoinne. 20 Do ḃris an táċṁusán mo ċroiḋe; agus atáim lán do ḋóbrón: agus do ḃí súil agam re duine éigin do ḋéanaḋ coṁṫuirsi leam, agus ní raiḃ áonduine; agus ar son luċd coṁḟurtaċda, ní ḃfúaras íad. 21 Agus ṫugadar ḋaṁ arson ḃíaḋ domlas; agus ann mo ṫart ṫúgadar fíneagra re nól daṁ. 22 Bíoḋ a mbórd ós a ccoinne féin mar ḋul: agus a nionad luaiḋeaċda, mar ṗaintéur ḋóiḃ. 23 Dorċuiḋṫear a súile, iondus naċ ḃfaicfid; agus taḃair air a leasraċaiḃ ḃeiṫ a ccomnuiġe air criṫ. 24 Dóirt amaċ do ḋíḃḟeirg orra agus gaḃaḋ teas ṫfeirge greim orra. 25 Bíoḋ a nionad coṁnuiḋe na ḃáinsiġ; ná bíoḋ fear coṁnuiġe ann a ttiġṫiḃ. 26 Oír do níd ainleanṁuin air an té do ḃuáil tusa; agus laḃruid ċum doilġis don luċt do loit tú. 27 Cuir urċóid a gcionn a nurċóide: agus ná tiaġaid ad ṫfíréantaċtsa. 28 Scriostar amaċ íad as leaḃar na mbéo, agus ná scríoḃṫar íad maille ris na fíréunuiḃ. 29 Agus misi, bíoḋ go ḃfuilim ar mo ḃuáiḋreaḋ, agus dóbrónaċ: cuireaḋ do ṡlanúġaḋ, a Ḋé, súas go hárd mé. 30 Molfad ainm Dé re caintic, agus do ḋéanad a ṁóruġaḋ ré taḃairt buiḋeaċais. 31 Taitneoċuiḋ so mar an gcéadna ris an TTIĠEARNA nísa ṁó ná daṁ nó bulóg agá ḃfuilid aḋarca ingne scoilte. 32 Do ċífiḋ an tuṁal sin, agus do ḋéana gáirdeaċus: agus mairfiḋ ḃur ccroiḋesi noċ íarrus Día. 33 Oír cluiniġ Día na boiċt, agus ní ṫarcuisniġeann a ṗríusúnaiġ. 34 Molfaiḋ neaṁ agus talaṁ é, na fairgeaḋa, agus a ccorruiġionn ionnta. 35 Oír sáorfa Día Sion, agus cuirfe súas caiṫreaċa Iúdah: ionnus go ndéanaid coṁnuiġe annsin, agus go mbiáiḋ na oiġreaċt aca. 36 Agus sealḃoċuiḋ slioċt a ṡeirḃíseaċ é: agus an luċt ġráḋuiġios a ainm áitreoḃuid ann. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society