Psailm 68 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXVIII. Caintic ċaiṫreamaċ aig aṫruġaḋ na hairce, agus um ḃuaiḋ agus riġeaċt Ċriosd. Don ṗríṁḟear ceóil Psalm agus caintic Ḋáiḃi. 1 Eirġioḋ Día, agus spréiḋṫear a naiṁde: agus teiṫidis an luċt ḟúaṫiġios é ó na aġaiḋ. 2 Mar ṫiomáintear deataċ seaċad, marsin tiomáinse seaċad íad: mar leaġas céir ós coinne tineaḋ, marsin meaṫaidís na cíontuiġ a ḃfiaġnuíse Dé. 3 Aċt bídís na fíréin lúaṫġáireaċ; déindís gáirdeaċus ós coinne Dé: agus, bídís meanmnaċ lé lúaṫġáire. 4 Canaiḋ do Ḋía, canaiḋ psalm ḋa ainm: árduiġiḋ an té do ní marcuiġeaċd ar na flaiṫís re na ainm IAH, agus deanuiḋ gáirdeaċus ós a ċoinne. 5 Isé Día aṫair na ndílleaċt, agus breiṫioṁ na mbaintreaḃaċ, a nionad coṁnuiḋe a náoṁṫaċta. 6 Cuiriḋ Día an tuáigneaċ a tteaġlaċ: do ḃeir amaċ an drong ḃíos ceangailte lé slaḃraḋuiḃ: aċt do níd na méirliġ coṁnuiġe a ttalaṁ ṫirim. 7 A Ḋé, a nuáir do ċúaiḋ tú amaċ roiṁe do ṗobal, a nuáir do ċúaiḋ tú ar haġaiḋ go gaisgeaṁuil san díoṫraṁ; Selah: 8 Do ċrioṫnuiġ an talaṁ, do ṡileadar na flaiṫeaṁnuis ó aġaiḋ Dé: Sínai féin ar aġaiḋ Dé, Día Israel. 9 Do ṡil tú fearṫuinn ṫioḋlaicṫeaċ a núas, a Ḋé, do ċoṁḋaingniḋ tú hóiġreaċt, an tan do ḃí sí tuirseaċ. 10 Do ḃí do ċoiṁṫional na ccoṁnuiḋe inte: do ḋaingniġ tú sin do réir do ṁaiṫeasa do na boċtaiḃ, a Ḋé. 11 Ṫug an TIĠEARNA an focal: bá mór an banna do ṡoisgéul é. 12 Teiṫid ríġṫe slúaġ, teiṫid: agus roinne sisi noċ ċoṁnuiġios a stiġ a néadail. 13 Bíoḋ gur luiġioḃair a measg na mbránraḋ, beiṫí mar sciaṫáin coluim ar na ḃfolaċ lé hairgiod, agus a cleiteaċ ré ór buiḋe. 14 A nuáir do spréiḋ an Tuileċuṁaċdaċ ríġṫe air a sonsa, do ḃí sí mar ṡneaċta a Salmon. 15 Cnoc Dé cnoc Básan; cnoc árd cnoc Básan. 16 Créd fá lingṫí, siḃsi a ṡléiḃte árda? an cnocso bá mían lé Día coṁnuiġe do ḋéanaṁ ann; biáiḋ an TIĠEARNA no ċoṁnuiġ ann go bráṫ. 17 Atáid carbaid Dé fiṫċe míle, míltiḋ dáingliḃ; atá an TIĠEARNA na measc, annsa náit náoṁṫa, Sínai. 18 Do ċuáiḋ tú súas ar árd, ṫugais braiġdeanas a mbraiġdeanas leaċd: do ġaḃ tú tioḋlaicṫe ar son daóine; agus fós, ar son na méirleaċ, ċum coṁnuiḋe na measc a ṪIĠEARNA Día. 19 Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, noċ ṫréoruiġios sinn go láeṫeaṁuil, Día ar ṡlánuiġṫe. Selah. 20 Isé ar Ndíanne Día ar slánuiġe; agus ré Día an TIĠEARNA beanaid sliġṫeaċ an ḃáis. 21 Loitfiḋ Día go deiṁin ceann a naṁad, agus cloigionn ġrúagaċ an té ṡiuḃlas do ġnáṫ iona ṗeacaiḋ. 22 A duḃairt an TIĠEARNA, O Ḃásan do ḃéarad a rís, do ḃéarad ṫusa a rís ó ḋúḃaigéan na fairge: 23 Go ttumṫuiġ do ċos a ḃfuil, teangṫa do ṁadraḋ a ḃfuil do náṁad. 24 Do ċonncadar himṫeaċda, a Ḋé; imṫeaċta mo Ḋé, mo Ríġ annsa tsanctóra. 25 Do ċúadar na cantaireaḋa a ttosaċ, na ndiáiġ sin an luċd seanma air aḋḃuiḋiḃ; iona meaḋón na maiġdiona oga ag búalaḋ tábuir. 26 Beannuiġsi Día annsna coṁḋáluiḃ, an TIĠEARNA, ó ṫiobraid Israel. 27 Ag sin Beniamin beag a núaċdarán, prionnsuiġe Iudah agus a ccoiṁṫonol, prionnsuiġe Sebulon, agus prionnsoiġe Naṗtali. 28 Daiṫin do Ḋía féin do neart: neartuiġ, a Ḋé, an ní sin noċ doibriġ tú ḋúinne. 29 Ar son do ṫeampuill ann Ierusalem do ḃéuraiḋ ríġṫe tioḋlacaḋ ċugad. 30 Imḋearg beaṫaċ an ġiolcuiḋ, ealḃa na ttarḃ láidir, maille ré láoġaiḃ na ndaóine, nó go nuṁluiġe sé é féin ré píosuiġiḃ airgid: spréiḋ ó ċéile na daóine agá ḃfuil dúil a ccogaḋ. 31 Tiocfaid prionnsuiġe as a Négipt; sínfiġ Etíopia go hobann a láṁa amaċ do Ḋía. 32 Canaiḋ do Ḋía, a rioġaċda na talṁan; canaiḋ sailm don TIĠEARNA; Selah: 33 Don té do ní marcuiġeaċd ar neaṁuiḃ na neaṁ, ón tseanaimsir; féuċ, do ḃeir sé a ġuṫ, guṫ neartṁar. 34 Tugaiḋsi neart do Ḋía: noċ agá ḃfuil a oirḋearcus ar Israel, agus a ḃfuil a neart a ḃflaiṫeaṁnus. 35 Is úaṫḃásaċ ṫusa a Ḋé, amaċ as háitiḃ náoṁṫa: sé Día Israel do ḃeir neart agus cuṁaċda don ṗobal. Go má beannuiġ Día. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society