Psailm 67 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXVII. Tairrġir ar ġairm na ccineaḋaċ. Don ṗríṁḟear ceóil ar Neginot, Psalm agus caintic. 1 Go raiḃ Día trócaireaċ ḋúinn, agus go mbeannuiġe sé sinn; agus deálraḋ sé a aġaiḋ oruinn. Selah. 2 Iondus go naiṫeantar do ṡliġe ar an ttalaṁ, do ṡlanuġaḋ a measc na nuile ċineaḋaċ. 3 Molaidís na poibleaċa ṫú, a Ḋé; molaidís na poibleaċa uile ṫú. 4 Do ḋéanaid na cineaḋaċa lúaṫġáire agus béid gáirdeaċ: óir do ḋéanair breiṫeaṁnus air na daóiniḃ go ceart, agus tréoroċuir na cineaḋaċa aír talaṁ. Selah. 5 Molaidís na poibleaċa ṫú, a Ḋé; molaidis na poibleaċa uile ṫú. 6 Do ḃéaruiḋ an talaṁ a ḃiseaċ; beinneoċaiḋ Día, ar Ndía sinn. 7 Beinneoċaiḋ Día sinn; agus biáiḋ a eagla air uile ṫéorannuiḃ na talṁan. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society