Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 66 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXVI. Psalm molta do Ḋía arson a ċoṁḟuasglaḋ.
Don ṗríṁḟear ceóil, caintic nó Psalm.

1 Deanuiḋ fuaim lúaṫġáireaċ do Ḋía, a ṫíorṫa uile:

2 Canuiḋ re salṁuiḃ glóir a anma: taḃraiḋ glóir ḋá ṁolaḋ.

3 Abruiḋ ré Día, Cred é húaṫḃasuiġesi ann hoibriḃ! tre ṁéad do neirt do ḋéanaid do naiṁde uṁla ḋuit.

4 Cláonfuiḋ an talaṁ uile íad féin duit, agus canfaid salm ḋuit; canfaid salm dot ainm. Selah.

5 Tigiḋ agus féuċuiḋ oibreaċa Dé: is úaṫḃásaċ é tre na ġnioṁ air ċloinn na ndáoine.

6 Diompóiġ sé a nfairge a ḃfearann ṫirim: do ċúadar dá gcois ṫríd a naḃuinn: annsin do rinneamairne lúaṫġáir annsan.

7 Riaġluiḋ sé re na neart go bráṫ; do ċíd a ṡúile na cineaḋaċa: ní áirdeoċ-ċuid na heasáontuiġ íad féin. Selah.

8 Beannuiġiḋsi a ṗoibleaċa, ar Ndíane, agus tugaiḋ fa deara guṫ a ṁolta do ċluinsion:

9 Noċ coingṁus ar nanam béo, agus naċ ttug air ar ccois corruġaḋ.

10 Oír do ḋearḃuiḋ tú sinn, a Ḋé: do ṫeastuiḋ tú sinn, do réir ṫéastuiġṫe a nairgid.

11 Ṫug tú a steaċ san líon sinn; do ċuir tú cuṁgaċ air ar leasraċaiḃ.

12 Ṫug tú air ḋáoiniḃ marcuiġeaċd do ḋéanaṁ air ar gceann; do ċuamar ṫríd ṫeine agus uisge: aċd do ṫugaisse amaċ sinn go hionad ṡaíḋḃir.

13 Raċad a steaċ ann do ṫiġ re hioḋbarṫaiḃ loisge: coiṁlíonfad duitsi mo ṁóide,

14 Noċ do adṁuiġ mo ṗuisíne, agus do laḃair mo ḃéul, a nuáir do ḃí aṁgar oram.

15 Ioḋbarṫa loisge méiṫealluiġ toirḃeorad ḋuit, ré húsga reiṫeaḋ; do ḋéan na daiṁ réiḋ, agus na gaḃair ḟirionna. Selah.

16 Tigiḋ, siḃsi ler beagal Día, agus inneosad cred do rinne sé ar son manma.

17 Ċuigesion do ġoireas rem ḃéul, agus do hárduġaḋ é rem ṫeangaiḋ.

18 Má ċím urċoid am ċroiḋe, ní ċluinfiḋ an TIĠEARNA:

19 Aċt go deiṁin do ċúalaiḋ Día mé; ṫug sé aire do ġuṫ murnaiġ.

20 Go maḋ beannuiġ Día, nar ḋiúlt mo ġuiḋe, agus nar ḟill a ṫrócaire uáim.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan