Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 63 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXIII. Mían an anam go Día.
Psalm Ḋáiḃi a nuáir do ḃí sé a ḃfásaċ Iúdah.

1 A Ḋia, is tú mo Ḋíasa; sírfe mé ṫú go moċ: atá manam tartṁar ċugad, atá mfeóil míanṁar ċugad a ttalaṁ ṫirm ṫartṁar, mar naċ ḃfuilid uisgeaḋa;

2 Dfaicsin do ċuṁaċd agus do ġlóire, mar do ċonnairc mé ṫú annsa tsanctora.

3 Oír is féarr do ċinéul gráḋaċ, ná beaṫa, molfa mo ḃéul ṫú.

4 Marso ḃeinneoċad ṫú an feaḋ ṁairfiod: ann ṫainm tóigfiod súas mo láṁa.

5 Sáiseoċṫar manam mar buḋ le méaṫus agus le smior; agus re puisiniḃ gairdeaċa ṁolfas mo ḃéul ṫú:

6 A núair ċuiṁniġim ort air mo leabuiḋ, agus annsa noiḋċe ḟaire mar smuáinim ort.

7 Do ḃríġ go raḃuis mar ċaḃair agam, agus do ḋéan gáirdeaċus a sgáile do sciaṫán.

8 Leanaiḋ manam go dlú ort: connṁann do laṁ ḋeas súas mé.

9 Agus an luċt íarrus manam, ċum a ṁillte, raċaid annsna codċaiḃ is isle don talaṁ.

10 Dóirtfiġṫear a ḃfuil ris an ccloiḋeaṁ: béid na ccuid ronna ag sionnċaiḃ.

11 Agus do ḋéana an ríġ lúaṫġáir a Ndía; do ḋéana gaċ áon ṁionnuiġeas ṫrídsion glóir: óir druidfear béul na druinge do ní bréuga.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan