Psailm 62 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXII. Gur congnaṁ Dia sgaċ aón ċás. Dom ṗríṁḟear ceóil, do Iedútun, Psalm Ḋáiḃi. 1 Ata fós manam ag feiṫioṁ aṁáin air Ḋía: noċ ó ḃfuil mo ṡlánuġaḋ. 2 Isé fós mo ċarruic agus mo ṡlánuġaḋ; mo ḋídean; ní ċorroċṫar mé go mór. 3 Cá fad ḃeiṫí smainiuġaḋ urċuid a naġaiḋ ḋuine? muirfiġear siḃ uile: beiṫí mar ḃalla ċláon, mar ḟál ṫrasgarṫar síos. 4 Aṁáin do níd coṁairle eision do ċur síos ón onóir: dúiliġid a mbréig: beannuiġid re na mbéul, agus malluiġid re na gcroiḋe. Selah. 5 Giḋeaḋ, O manam, coṁnuiġsi a Ndía aṁáin; óir is úaḋsan atá mo ḋóṫċus. 6 Is eision aṁáin mo ċarruig agus mo ṡlánuġaḋ: is é mo ḋídion; ní ċorroċṫar mé. 7 A Ndía atá mo ṡlánuġaḋ agus mo ġlóir: carruic mo neirt, a Ndia, atá mo ḋóiġ. 8 Cuiriḋ ḃur ndóiġ ann a ccoṁnuiġe; siḃsi a ḋaoine, dóirtiġe amaċ ḃur ccroiḋe dá laṫair: isé Día is dídion ḋúinn. Selah. 9 Go deiṁin is díoṁaóineas clann na ndaóine uirísiol, is bréug clann na ndaóine móra: ar na ccur a néainfeaċd a meaḋuiḃ, is éattruime íad ná an díoṁaóineas. 10 Ná cuiriġ ḃur ndóiġ a sáruġaḋ, agus a sladuiġeaċd ná bíṫi díoṁaóin: an tan ḟásas saiḋḃrios, ná cuiriḋ ḃur ccroiḋe air. 11 Do laḃair Día aonuáir; fá ḋó ċúala mé so; gur ré Día ḃeanas cuṁaċda. 12 Mar an ccéadna is leátsa, a ṪIĠEARNA, trócaire: óir do ḃéarair don duine do réir a oibre. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society