Psailm 61 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXI. Is aḋḃar ṁuiniġinn leis fos, foirḋíon Dé a nadod. Don ṗríṁḟear ceóil air Neginot, Psalm Ḋáiḃi. 1 Eist mo ċoṁairc, a Ḋé; taḃair aire dom ġuiḋe. 2 O ṫéorannuiḃ na talṁan eiġfiod ċugadsa, a núair ḃíos mo ċroiḋe fa ṫuirse: tréoruiġ mé ċum na cairge is áirde na mé. 3 Oír do ḃí tú ad ḟasgaḋ ágam, ad ṫor láidir ó aġaiḋ na naṁad. 4 Do ḋéanad coṁnuiġe ann do ṫabearnacuil go bráṫ: biáiḋ mo ḋóiġ a ccuim do sciaṫán. Selah. 5 Oír do ċúala tusa, a Ḋé, mo ṁóide: ṫuguis oiġreaċd don druing air a ḃfuil eagla hanma. 6 Cuirfiḋ tú láeṫe a ccionn láeṫe an ríġ: biáiḋ a ḃlíaḋna mar do ḃíaṫ iomad ginealaċ. 7 Do ḋéana sé coṁnuiġe ċoiḋċe as coinne Dé: ó ullṁuiġ trócaire agus fírinne, noċ ċoiṁéadfas é. 8 Mársin ċanfas misi psalm ċúm hanmasa go bráṫ, do ċoiṁlíonaḋ mó ṁóide go láeṫeaṁuil. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society