Psailm 60 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LX. Psalm ċaiṫreamaċ tar éis ḃuáiḋ ċaṫláraċ. Don ṗríṁḟear ceóil aír Ṡusan-eduṫ, Psalm órḋa Ḋáiḃi ċum teagaisg; an tan do ṫroid sé ré Aram ó Ṁesopotamia, agus re Aram ó Ṡobah, an tan dfill Ioab, agus do ṁarḃ do Edom ḋá ṁíle ḋéug a ngleann an tsaluinn. 1 A Ḋe, do ċuir tú ḋíot sinn, do ḃris tú sinn, do ḃí fearg ort; iompóiġ ṫú féin ċugainn a rís. 2 Ṫugais air an ttalaṁ crioṫnuġaḋ; agus do ḃrisis é: leiġis a ḃéarnaḋa; óir atá sé air criṫ. 3 Do ṫaisbéin tú ní crúaiḋ dot ṗobal: ṫuguis oruinn fíon an ṁearuiġṫe dól. 4 Ṫuguis brataċ don luċt agá ḃfuil heagla, dá noċtaḋ air son na fírinne. 5 Ċum go sáorfuiḋe haóís gráḋa; sáor led láiṁ ḋeis, agus cluin misi. 6 Do laḃair Día iona náoṁṫaċd; bíad lúaṫġáireaċ, roinnfead Seċem, agus toiṁeosad gleann Sucot. 7 Is leamsa Gílead, agus is leam Manasseh; sé Eṗraim fós neart mo ċinn; Iudah mo ḋliġṫeaṁnaċ; 8 Moab mo ṗota ionnluiṫ; teilgfiod mo ḃróg tar Edom: a Ṗalestina, déan caiṫréim ós mo ċionn. 9 Cía ḃéaras mé gus an ccaṫruiġ ḋaingin? cía ṫréoroċus mé go Hédom? 10 Naċ déana tusa, a Ḋé, noċ do ċuir ḋíot sinn? agus nar ḃáill leaċd dul amaċ, a Ḋé, ré ar sluáiġṫe? 11 Taḃair furtaċd ḋúinn ó ḃuáiḋreaḋ: óir is díoṁáoin caḃair an duine. 12 A Ndía do ḋéanam gaisge: agus sailteoruiḋ se síos luċt ar mbúaiḋearṫa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society