Psailm 59 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LIX. Dáiḃi iaḋta súas iona ṫiġ féin, diarr se coḃair an TIĠEARNA . Don ṗríṁḟear ceóil, Altasċit, Psalm órḋa Ḋáiḃi; a nuáir do ċuir Sául drong úaḋ do ċuirfeaḋ faire air a ṫiġ, dá ṁarḃaḋ. 1 Saor mé óm naiṁdiḃ, a Ḋé: ón luċt éirġios súas am aġaiḋ bísi do ḋídean daṁ. 2 Sáor mé ó luċt oibriġṫe na hurċóide, agus coiṁéad mé ó ḋaóiniḃ fuilteaċa. 3 Oír, ċeana, atáid ag luiġeaċán air manam: cruinniġid na cuṁaċtaiġ a naóinḟeaċd am aġaiḋ; ní ar son mo ṡáruiġṫe, ní air son mo ṗeacaiḋ, a ṪIĠEARNA. 4 Riṫid gan ċion air bíṫ dom ṫáoiḃse agus ullṁuiġid íad féin: éiriġsi súas do ṫeagṁáil leam, agus dearc. 5 Agus tusa, a ṪIĠEARNA Día na slóġ, Día Israel, múscail dfeuċuin na ccineaḋaċso uile: ná bí grásaṁuil dóiḃ uile noċ oibriġíos urċóid go meantolaċ. Selah. 6 Fillid tráṫnóna: do níd fuáim aṁuil madraḋ, agus imṫiġid fa ccúairt a dtimċioll na caiṫreaċ. 7 Féuċ, taifnid re na mbéul: atáid cloiḋṁṫe iona bpusaiḃ; óir, a deirid, Cía ċluin? 8 Aċt tusa, a ṪIĠEARNA, do ḋéanair magaḋ orra; do ḋéanair tarcuisne air na geintiḃ uile. 9 Do ḃríġ a neirtsion do ḃéaradsa aire ḋuitsi: óir is tusa a ṪIĠEARNA mo ḋídean. 10 Tiucfaiḋ mo Ḋía grásaṁuil roṁam: do ḃéara Día ḋaṁ te ṫían dfaicsin air mo naiṁde. 11 Ná marḃ íad, deagla go ndéanaḋ mo ḋaoine dearmad: spréiḋ íad re do ċuṁaċdaiḃ; agus taḃair a núas íad, a ṪIĠEARNA ar scíaṫ. 12 Ar son peacaiḋ a mbéil bríaṫair a bpuisín gaḃṫar íad ann a núaḃar: agus ar son a malluiġṫe agus a mbréug noċ laḃruid. 13 Díoṫlaiṫriġ a ḃfeirg íad, díoṫlaiṫriġ, go naċ béid ann: agus bíoḋ a ḟíos aca go ḃfuíl Día ag ríaġlaḋ ann Iácob go téorannuiḃ na talṁan. Selah. 14 Agus fillidis tráṫnona; agus taifnedis aṁuil madraḋ, agus imṫiġdis fá ccuáirt na caiṫreaċ. 15 Bídís ar seaċrán síos agus súas deasḃuiḋ bíḋ, agus bídís ag iṫiomráḋ muna ḃfaġaid a ríar. 16 Aċt canfa misi dot neartsa; agus lúaṫġáirfead as do ṫrócaire gaċ maidin: óir ba tú mo ċoiṁéad agus mo ḋídean a ló mo ṫrioblóide. 17 O mo neart, ḋuitse ċanfas mé: óir isé Día mo ḋídean, Día mo ṫrocaire. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society