Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 58 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LVIII. Olcas ḋroċ ḃreiṫeaṁ; 3 miorúnn agus sgrios ḋroċḋaoine.
Don ṗríṁḟear ceóil, Al-tasċit, Psalm órḋa Ḋáiḃi.

1 An laḃarṫaoi ceart ḋa ríriḃ, a ċoiṁṫionól? a ndéantaói breiṫeaṁnus go díreaċ, siḃse a ċlann na ndaóine?

2 A seaḋ, a ccroiḋe oibriġṫí urċóid; annsa talaṁ ċoṁṫromaiḋ foiréigion ḃur láṁ.

3 Do níd na ciontaiġ coiṁṫiġiḋ ḋíoḃ féin ón mbroinn: tiaġaid ar seaċrán ón mbolg, ag laḃairt ḃréug.

4 Is cosṁuil a niṁ re niṁ naiṫreaċ niṁe: is cosṁuil íad re hadar boġar noċ ḋruidios a ċlúas.

5 Noċ naċ éistfe re guṫ na ndrúaġ, ag cleaċtaḋ a ndraóiḋeaċda go glic.

6 A Ḋé, bris a ḃfíacla iona mbéul: bris amaċ fíacla móra na nóigleoṁan, a ṪIĠEARNA.

7 Leaġaidís aṁuil uisge noċ riṫios go dían a ccoṁnuiġ: a nuáir ṁeasas sé a ṡaiġde do ċaiṫeaṁ, bídís mar buḋ géarrṫa na mbloḋuiḃ.

8 Mar leaġas an seilíde, aṁluiḋ sin tíaġaid a muġa; mar ṫoirrċios anabuiḋ mná, go naċ ḃfacaid an ġrían.

9 Ní is doiċe ná ṁoiṫeoċas ḃur bpotuiġe na deilg, coṁmaiṫ an beó agus an críon, búaiḋirfiḋ an tanfa é.

10 Do ḋéana an fíréun lúaṫġáire an tan ċífios an dioġaltas: niġfe a ċosa a ḃfuil na neiṁḋíaḋaċ.

11 Agus a déara duine, Go deiṁin, atá soċar ag an ḃfíreun: go dearḃṫa sé Día do ní breiṫeaṁnus air an ttalaṁ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan