Psailm 56 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LVI. Coiṁeadfuiḋ Día deóra na bfirein, agus cluiniḋ sé an urnaiġ. Don ṗríṁḟear ceóil air Ionat-elim-reċocim, Psalm órḋa Ḋáiḃi, a nuáir do ġaḃadar na Ṗilistiniġ é a Ngát. 1 Bi trócaireaċ ḋaṁ, a Ḋé: óir do ṡluigfeaḋ duine súas mé; air feaḋ an laói ag caṫuġaḋ do ḃrúiġfeaḋ mé. 2 Do ṡluigfidís mo naiṁde mé air feaḋ an laói: óir atá iomad ag caṫuġaḋ am aġaiḋ, ó ṫusa is ro áirde. 3 A nuáir ḃías eagla orum, biáiḋ mo ḋóiġ ionnadsa. 4 A Ndía ṁolfas mé a ḃríaṫar, a Ndía ċuirim mo ḋóiġ; ní ḃiáiḋ eagla orum cred do ḋéanas feóil orum. 5 Ar feaḋ an laói fáisgid mo ḃríaṫra: atáid a smuaintiġe éile ċum uilc am aġaiḋ. 6 Cruinniġid íad féin ar áonḃall, folċaid íad féin, coṁarṫuiġid mo ċoiscéimiġe, a nuáir ḃíd ag foraire ar manam. 7 An raċaid síad as ar son a nurċóide? ann ṫfeirg ísliġ na daóine, a Ḋé. 8 Coṁáirṁionn tú mo ṡeaċrán: cuir mo ḋeóra ann do ḃuidéul: naċ ḃfuilid ann do leaḃar? 9 Annsin fillfiġṫear mo naiṁde air a nais, a nuáir ġáirfiod: atá a ḟios so agam; óir atá Día air mo ṡon. 10 A Ndía ṁolfad a ḃriaṫar: annsa TIĠEARNA ṁolfad a ḃriaṫar. 11 A Ndía ċuirfead mo ḋóiġ: ní biáiḋ eagla orum créd do ḋéanas duine orum. 12 Atáid do ṁóide orum, a Ḋé: toirḃeoruiḋ mé molta ḋuit. 13 Oír dfúascail tú manam ó ḃás: naċ saórfa tú mo ċosa ó leagaḋ, ċum go siuḃola mé go diongṁalta a laṫair Dé a solus na mbéo? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society