Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 55 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LV. Guiḋe Ḋáiḃi anaġaiḋ eascairde a ṫiġe féin.
Don ṗríṁḟear ceóil ar Neginot, Psalm teagaisg Ḋáiḃi.

1 Taḃair éisteaċt dom ġuiḋe, ó a Ḋé; agus ná foluiġ ṫú féin óm ġearán.

2 Taḃair aire ḋaṁ, agus éist riom: do ním doilġios ann mo ġearán, agus do ním fuáim;

3 Tre ġuṫ na náṁad, tre ainleatrom na bpeacaċ: óir do ḃeirid urċóid orum, agus fuaṫiġid mé a ndíḃḟeirg,

4 Atá mo ċroiḋe air na ro ṗíanaḋ ionnum: agus do ṫuiteadar úaṫḃása an ḃáis orum.

5 Atá eagla agus crioṫnuġaḋ ar tteaċd orum, agus dfoluiġ úaṫḃás mé.

6 Agus a duḃras, O naċ ḃfuil scíaṫán coluim agam! do ḋéanuinn eitil as, agus do ḃéinn a suáiṁneas.

7 Féuċ, do raċuinn a ḃfad ar seaċrán, do ḋéanuinn coṁnuiġe ann sa ḃfásaċ. Selah.

8 Do ḋéanuinn deiṫnios rem eulóġ ón ngaóiṫ ngúasaċdaiġ agus anfaiḋ.

9 Scrios, a ṪIĠEARNA, agus roinn a tteangṫa: óir do ċonnairc mé foiréígion agus imreasan annsa ċaṫruiġ.

10 A ló agus a noiḋċe tigid na timċioll air na ballaḋuiḃ: atá urċóid agus doilġios iona meaḋón.

11 Atá corbaḋ ann a lár: agus ní ḋealuiġionn meaḃail agus cealg ré na sráidiḃ.

12 Oír ní náiṁaid do imḋearg mé; annsin dféadfuinn a iomċar: níor arduiġ an té dó ḟúaṫaiġ mé é féin am aġaiḋ; ann sin do raċfuinn a ḃfolaċ air:

13 Aċt tusa, a ḋuine mar mo ṡaṁuil féin, mo éoluiġe, agus mfear aiṫeantais.

14 Do rinneamar aráon coṁairle ṁilis, do ċúaḋmar a naóinḟeaċd go tiġ Dé.

15 Gaḃaḋ an bás sealḃ orra, tíaġaid síos go hifrionn béo: óir atáid uilc iona ccoiṁṫionól, íona meaḋón.

16 Ar mo ṡonsa, éiġfe mé ċum Dé; agus sáorfa an TIĠEARNA mé.

17 Tráṫnóna, agus air maidin, agus san meaḋon laói, do ḋéana mé urnaiġ, agus éiġfiod ós áird: agus cluinfiḋ seision mo ġuṫ.

18 Dfúasgail sé manam a síoṫċáin ón gcaṫ do ḃí am aġaiḋ: óir is re hiomad do ḃádar ag cur ċugam.

19 Cluinfiḋ an Día láidir, agus do ḃéaraiḋ a núas íad, eaḋon an té atá ann ón tseanaimsir. Selah. Ar a naḋḃar naċ áṫruiġid, dá ḃríġ sin ní ḃíonn eagla Dé orra.

20 Do ċuir sé a láṁa amaċ a naġaiḋ an luċda do ḃí a síoṫċáin ris: do ḃris sé a ċunnraḋ.

21 Bá bláiṫe bríaṫra a ḃéil ná ím, aċt do ḃí cogaḋ iona ċroiḋe: bá buige a ḟocail ná ola, giḋeaḋ bá cloiḋṁṫe tairrngṫe íad.

22 Teilg do ṁuiriġin air an TTIĠEARNA, agus coṫoċuiḋ sé ṫú: ní ḟuileonguiḋ sé an fíréun do ċorruġaḋ go bráṫ.

23 Aċa tusa, a Ḋé, ḃéaras síos íad go poll an ḃáis: ní ṁairfid daoine fuilteaċa agus cealgaċa leiṫ a láeṫeaḋ; Aċt biáiḋ mo ḋóiġse ionnadsa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan