Psailm 51 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LI. An ceaṫraṁaḋ psalm aiṫriġe. Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi, a nuáir ṫáinic Nátan an fáiḋ ċuige, tar éis é do ḋul go Bat-sébah. 1 Deuna trócaire orum, a Ḋé, do réir do ṫrócaire móire: do réir ro iomaid do ṫruáiġe scrios amaċ maindliġṫe. 2 Niġ mé ó mo ċiontaiḃ go hiomlán, agus glan mé ó mo ṗeacaiḋ. 3 Oír adṁuiġim mo ċionta: agus atá mo ṗeacaḋ ós mo ċoinne a ccoṁnuiġ. 4 Ad haġaiḋsi, féin aṁáin, do ṗeacaiḋ mé, agus ad raḋarcsa do rinneas an tolc: ċum go ḃfíoruiġṫear ṫusa ann hurlaḃra, agus go raḃair fíorġlan ann do ḃreiṫeaṁnus. 5 Féuċ, is an eigceart do ċumaḋ mé; agus a gcionntuiḃ do ġaḃ mo ṁaṫair a mbroinn mé. 6 Féuċ, iarruiḋ tú fírinne taoḃ a stiġ: agus a secréid dfoillsiġ tú crionnaċd daṁsa. 7 Glansa le hisóip mé, agus bíad glan: niġ mé, agus buḋ gile mé ná sneaċda. 8 Do ḃéarair orum gáirdeaċus agus lúaṫġáir do ċlos; ċum go ndéindís na cnáṁa noċ do ḃris tú luaṫġáire. 9 Foluiġ haġaiḋ óm ṗeacuiġiḃsi, agus scrios uáim mo ċionta. 10 Cruṫaiġ ionnam croiḋe glan, a Ḋé; agus aṫnúaġaiḋ ann mo ṁeaḋón spiorad iomlán. 11 Ná teilg mé seaċad od ḟiaġnuise; agus ná beír do spiorad náoṁṫa uáim. 12 Aisig ḋaṁ gáirdeaċus do ṡlánuiġṫe; agus connuiṁ súas mé le spiorad ṡaóir. 13 Ann sin múinfiḋ mé do ṡliġe do ċiontaċaiḃ; agus iompóċṫair peacaċa ċugadsa. 14 Sáor mé ó ḟuil, a Ḋé, Día mo ṡlánuiġṫe: agus foillseoċaiḋ mo ṫeanga ṫfíréantaċt ós áird. 15 A ṪIĠEARNA, foisgeola tú mo ṗuisíne; agus foillseoċuiḋ mo ḃéul do ṁolaḋ. 16 Oír ní íarrann tú íoḋbairt; agus go ttiuḃruinn sin uáim: ní ḃfuil dúil agad a nofráil loisge. 17 Is íad íoḋbarṫa Dé spiorad briste: ar ċroiḋe ḃriste ċoṁbrúiġte, a Ḋé, ní ḋéanair tarcuisne. 18 Déan maiṫ do Ṡion ó do ḋeaġṫoil féin: cuir súas ballaḋa Ierusalem. 19 Annsin biáiḋ fonn agad a níoḋbairt na fíréuntaċda, a nofráil loisge agus a nofráil ċnaóite go hiomlán: annsin do ḋéanaid bulóga óga do ṫoirḃirt air haltóir. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society