Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 50 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm L. Eidirḋealuġaḋ an ḟíor-ċreidiṁ ón ḟásċreidiṁ.
Psalm Asaṗ.

1 Do ráiḋ an Día cuṁaċdaċ, an TIĠEARNA, agus do ġoir an talaṁ ó éirġe na gréine go a fuineaḋ.

2 Amaċ as Sion, do lonnruiġ Día, iomláine na sgéiṁe.

3 Tiucfaiḋ ar Ndía, agus ní ḃiáiḋ na ṫoċd: loisgfiḋ teine roiṁe, agus biáiḋ anfa iomarcaċ na ṫimċioll fa gcuáirt.

4 Goirfiḋ sé ċum na ḃflaiṫeas ó a núas, agus ċum na talṁan, do ḃreiṫ breiṫe air a ḋaoiniḃ.

5 Cruinniġe mo náoṁa ċugam; noċ do rinne cunnraḋ liom le híoḋbairt.

6 Agus foillseoċuid na flaiṫis a ḟíréuntaċd: óir isé Día féin an breiṫeaṁ. Selah.

7 Cluiniḋ, ó mo ḋaóine, agus laiḃeorad; ó a Israel, agus do ḋéan fiaḋnuise ḋuitsi: is misi Día, do Ḋíasa.

8 Ní ḋéanad himḋeargaḋ ar son híoḋbarṫaċ nó hofrálaċ loisge, noċ do ḃí ós mo ċoṁair a gcoṁnuiġe.

9 Ní ġéuḃad bulóg as do ṫiġ, no gaḃair ḟirionna as do ṁánraċuiḃ.

10 Oír is liomsa a nuile ḃeaṫaċ na coilleaḋ, an teallaċ ar ṁíle ċnoc.

11 Is aiṫne ḋaṁ uile éanlaiṫ na slíaḃ: agus is liomsa beaṫuiġ állta an ṁaċaire.

12 Dá mbéinn ocraċ, ní inneosuinn duitsi: óir is liomsa an doṁan, agus a iomláine.

13 A níosa mé feóil ṫarḃ, no a níḃfe mé fuil na ngaḃar?

14 Ióḋbair molaḋ do Ḋía; agus díol do ṁóide ris an té is ró áirde:

15 Agus goir orumsa a ló a néigiontais: agus sáorfad ṫú, agus do ḃéara tú glóir ḋaṁ.

16 Aċt ris an ccionntaċ a deir Día, Cá mbeannan duitsi mo statúidiġsi dfoillsiuġaḋ, agus go ngéuḃṫá mo ċunnraḋ ad ḃéul?

17 Agus fúaṫuiġe tú smaċduġaḋ, agus teilgfir mo ḃríaṫra táoḃ síar ḋíot.

18 Má ċí tú gaduiġe, riġfiḋ tú leis, agus atá do ċuid ronna leis na haḋaltrannaċaiḃ.

19 Do ḃeirir do ḃéul durċóid, agus cumuiġ do ṫeanga cealg.

20 Suiġiḋ tú agus laḃruiḋ tú a naġaiḋ do ḋearḃraṫar; do ḃeirir scannail do ṁac do ṁaṫar.

21 Na neiṫesi do rinnis, agus do ḃí misi am ṫoċd; agus do ṡaóilis go mbéinn cosṁuil riot féin go hiomlán: aċd do ḃéar aċṁusán duit, agus cuirfead na neiṫesi a nórduġaḋ ós coinne do ṡúl.

22 Anois measuiġe so, siḃsi noċ ḋearmadas Día, deagla go réubfuin siḃ, agus naċ biáiḋ fear ḃur ttárrṫála.

23 An té íoḋbras molaḋ do ḃeir sé onóir ḋaṁsa: agus an té órduiġios a ṡliġe taisbeanfadsa slánuġaḋ Dé ḋó.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan