Psailm 49 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XLIX. Gur ó Ḋía atá an eiseirġe, agus naċ ó neart nádurḋa Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm ṁac Córah. 1 Cluiniḋe so, a ḋaoine uile; éisdiġe siḃsi, a uile áitreaḃṫaċa an doṁuin: 2 An tárd, agus an tísiol, an saiḋḃir, agus an daiḋḃir, le ċéile, 3 Laiḃeoruiḋ mo ḃéul neiṫe glioca; agus smuáiniuġaiḋ mo ċroiḋe iomad eagna. 4 Cláonfad mo ċlúas ċum cosaṁlaċd: foisceolad air an ccláirsiġ mo ráḋ díaṁair. 5 Cred fá mbeiṫ eagla orum a laéṫe a nuilc, an tan ṫiocfas éagceart mo ṡál am ṫimċioll fá gcuáirt? 6 An dream ċuireas a ndóṫċus iona saiḋḃrios, agus do ní aiḋḃéil asta féin a niomad a maóine; 7 Ní ḟuáisceoluiḋ duine ar aonċor a ḋearḃraṫair, ní ṫiuḃraiḋ a ḟuásglaḋ do Ḋía: 8 (Oír atá fúasglaḋ a nanma coṁmórluáiġ sin, agus coisgfiḋ go bráṫ:) 9 Go maḋ héidir leis fós marṫainn go bráṫ, ċor naċ ḃfaicfeaḋ truáilleaḋ. 10 Oír do ċí go néuguid daoine críonna, an tamadán fós agus an duine brúideaṁuil go néuguid síad, agus go ḃfágaid ag daóiniḃ oile a saiḋḃrios. 11 Síad smuáintiġṫe a ccroiḋe, a ttiġṫe do ṁarṫuinn go bráṫ, agus a náitreiḃ ó ġinealaċ go ginealaċ; do ḃeirid a nanmanna féin air a ndúṫaiġ. 12 Aċt ní ḋéana an duine coṁnuiḋe a noirḋearcus: is cosṁuil é ris na hainṁintiḃ ṁeaṫas. 13 So a sliġe sé a néigcríonnaċd é: agus taitnid a ráiḋte ris an luċd ṫig na ndiáiġ. Selah. 14 Cuirṫear san úaiḋ íad mar ċáorċaiḃ; iosfuiḋ an bás íad; biáiḋ úaċdaránaċd ag an ḃfíréun orra air maidin; agus cnaóifiġear a mbréaġḋaċd san úaiḋ as a nionad coṁnuiġe. 15 Aċt sáorfa Día manamsa as láiṁ na húaiḋe: óir géaḃúiḋ sé ċuige mé. Selah. 16 Ná bíoḋ eagla ort a nuáir do niṫear duine saiḋḃir, a nuáir ṁéuduiġṫear glóir a ṫiġe; 17 Oír an tan éugfas sé ní ḃeára éinní leis: ní raċaiḋ a ġlóir síos dá leanṁuin. 18 Bíoḋ gur ḃeannuiġ sé a anam iona ḃeaṫa: agus go molfaid ṫú, mar do ḋéanair maiṫ ḋuit féin. 19 Raċaiḋ sé go ginealaċ a aiṫreaċ; ní ḟaicfiḋ solus go bráṫ. 20 An duine atá a noirḋearcus, agus naċ ttuigionn, is cosṁail é ris na hainṁiḋiḃ imṫiġios seaċad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society