Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 48 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XLVIII. Ierusalem na scáṫan ar ġlóir na heagluise coitċinne.
Caintic agus Psalm do ċloinn Ċórah.

1 Is mór an TIĠEARNA, agus is ionṁolta go hanṁór a ccaṫruiġ ar Ndé, slíaḃ a naoṁṫaċda.

2 Is bréaġḋa a ṡuiġiuġaḋ, sólás na talṁan uile, cnoc Síon, taoiḃ an tuáisceirt, caṫair an Ríġ ṁóir.

3 Is aiṫnid Día ann a ṗálásuiḃ mar ḋídean.

4 Oír, féuċ, do ċruinniġeadar na ríġṫe, agus do ġaḃadar ṫort le ċéile a néinḟeaċd.

5 Do ċonncadar sin, agus dob iongantaċ léo; do ḃádar búaiḋearṫa, do ḋeiṫfriġeadar orra.

6 Do ġaḃ eagla greim, ḋíoḃ annsin, pían, mar ṁnaói ag breiṫ.

7 Brisionn tú loingios Ṫarsis ris an ngaóiṫ a noir.

8 Do réir mar do ċualamar, marsin do ċonncamar a ccaṫruiġ TIĠEARNA na slóġ, a ccaṫruiġ ar Ndé: daingneoċuiḋ Día í go bráṫ. Selah.

9 Atamaoid ag feiṫioṁ air do ċinéul gráḋaċ, a Ḋé, a lár do ṫeampoill.

10 Do réir hanma, a Ḋé, is marsin atá do ṁolaḋ go téorannuiḃ na talṁan: atá do láṁ ḋeas lán dfíréuntaċd.

11 Déanaḋ slíaḃ Síon gáirdeaċus, bídís inġeana Iúdah fólásaċ, do ḃríġ do ḃreiṫeaṁnusa.

12 Siuḃail timċioll Ṡion, gaḃ fá ccuáirt na timċioll: áiriṁ a tuir.

13 Coṁarṫuiġe go maiṫ a ballaḋa, aṁairciġ air a palásuiḃ; go ninnsiġe don ġiniolaċ ṫiocfas ḃur ndiáiġ.

14 Oír isé an Día so ar Ndia go saóġal na saóġal: tréoroċuiḋ sé sinn go bás.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan