Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 47 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XLVII. Gur bé Día is rí na Niuduiġeaḋ, agus na ccíneaḋaċ.
Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm ċloinne Córah.

1 Buailiḋ ḃur mbasa, siḃsi uile a ṗobal; déanuiḋ gáirdeaċus ċum Dé re guṫ caiṫréime.

2 Oír atá an TIĠEARNA is ro áirde úaṫḃásaċ; Ríġ mór ós cíonn na talṁan uile.

3 Claóiḋfiḋ sé na daóine fúinne, agus na cineaḋaċa fá ar ccosuiḃ.

4 Toiġfiḋ sé ar noiġreaċd dúinn, oirḋearcus Iácob noċ do ġráḋuiġ sé. Selah.

5 Do ċuáiḋ Día súas ré caiṫréim, an TIĠEARNA ré guṫ an ġalltrumpa.

6 Canuiḋ psailm do Ḋía, canaiḋ psailm: canaiḋ molaḋ dár Ríġ, canaiḋ molaḋ.

7 Oír isé Día Ríġ na talṁan uile: canaiḋ molaḋ go héolgaċ.

8 Atá Día a rioġaċd ós cionn na ccineaḋaċ: suiġiḋ Día ar ċaṫaóir a náoṁṫaċda.

9 Do ċruinniġeadar prionnsuiḋe na ndaóine re ċeile, pobal Dé Abraham: óir is lé Día scíaṫa na talṁan: atá sé ar na árduġaḋ go ro ṁór.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan