Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 46 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XLVI. Gurab é Día an tor is daingne, agus an fear gaisge is fearr.
Don ṗríṁḟear ceóil do ċloinn Ċórah, caintic air Alamot.

1 Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnaṁ ro ollaṁ a mbuaiḋreaḋ.

2 Ar a naḋḃarsin ní ḃía eagla oruinn, da mbeiṫ go nárṫoċaḋ an talaṁ, bíoḋ go náṫroċaḋ na sléiḃte go meaḋon na fairge;

3 Bíoḋ go ndeanaḋ a huisceaḋa sin fuáim, agus go mbeidis buáiḋearṫa, da ccrioṫnuiġdís na cnuic le na hat sin go hanṁór. Selah.

4 Atá aḃann, a ndéanaid a sruṫáin sin caṫair Dé lúaṫġáireaċ, ionad náoṁṫa tiġ coṁnuiġe an tí is ro áirde.

5 Atá Día iona meaḋon; ní corroċtar í: do ḃéaraiḋ Día furtaċd di, re héirġe amuċ na maidne.

6 Do rinneadar na cineaḋaċa fuáim, do ċorruiġeadar na rioġaċda: do laḃair seision, do leaġ an talaṁ.

7 Atá TIĠEARNA na slóġ linn; atá Día Iácob na ḋídean aguinn. Selah.

8 Tigiḋ, féuċuiḋ air oibriḃ an TIĠEARNA, noċ do ċuir dólás air an ttalaṁ.

9 Do ḃeir sé fa deara cogaḋ do ċosc go críċ na talṁan; brisiġ sé an boġa, agus gearruiḋ an gaṫ ó ċéile; loisgiḋ sé na carbuid annsa teine, ag ráḋ,

10 Coisgiḋ, agus bíoḋ a ḟios agaiḃ gur misi Día: biáiḋ mé ar márduġaḋ a measc na gcineaḋaċ, biáiḋ mé onóraċ air an ttalaṁ.

11 Atá TIĠEARNA na sloġ linn; atá Día Iácob na ro ḋidean aguinn. Selah.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan