Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 45 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XLV. Caintic ċoiṁċeangail Ċriosd ré na ḃainċeile fein, 1 an eagluis.
Don ṗríṁḟear ceóil ar Ṡosannim, do ṁacaiḃ Córah, caintic gráḋa.

1 Sceiṫiġ mo ċroiḋe amaċ cúis ṁaiṫ: laḃruim mobair don ríġ: mo ṫeanga mar ṗeann scriḃnéora ro ḋeiṫniosaiḋ.

2 Is bréaġḋa ṫú na clann na ndáoine: atáid grása ar ndórtaḋ ann do ḃéul: uime sin do ḃeannuiġ Día ṫú go bráṫ.

3 Deasuiġ do ċloiḋeaṁ ar do ṡlíasuid, ó a ċuṁaċduiġ, red ġlóir agus red ḋaiṫeaṁlaċd.

4 Agus beir biseaċ ann do ḃréaġḋaċd déan marcuiġeaċd air haġaiḋ do ḃríġ ḃreiṫe na fírinne agus ceánnsaċda agus an ċeirt; agus múinfiḋ do láṁ ḋeas neiṫe úaṫḃásaċ ḋuit.

5 Is géur do ṡoiġde a ccroiḋṫe naiṁde an ríġ; tuitfid na daoine fúd.

6 Atá do ċaṫaóir ríoġa, a Ḋé, go sáoġal na sáoġal: colḃa fíréuntaċda iseaḋ is colḃa dot ríoġaċd.

7 Do ġráḋuiġ tú fíréuntaċd, agus dfúaṫaiġ tú éaigceart: air a naḋḃarsin do ungaiḋ Día, do Ḋía fein, ṫú le hola luaṫġáire ós cionn do ċompánaċ.

8 Boltnuiġiḋ do ċuid éaduiġ uile do ṁirr, agus aloes, agus ċassia, amaċ as pálásuiḃ dfíacluiḃ eleṗant, le ndéarnadar lúaṫġáireaċ ṫú.

9 Atáid inġeana ríoġ a measc do ḃan onóraċ: atá an ḃainríoġan ar na suiġiuḋ ar do láiṁ ḋeis a nór Oṗir.

10 Eíst, a inġean, agus faic, agus cláon do ċlúas; agus dearmaid do ḋaóine féin, agus tiġ haṫar;

11 Agus sainnteoċuiḋ an ríġ do scéiṁ: óir isé féin do Ṫiġearna; agus uṁluiġ ṫú féin dó.

12 Agus guiḋfid inġeana Tíor haġaiḋ re tioḋlacaḋ, an ċuid is saiḋḃre don ṗobal.

13 Atá inġean an ríġ glórṁar uile taoḃ a stiġ: is dórṡnáiṫe a cúlaiḋ.

14 Do ḃéarṫar í ċum an ríġ a nórnaiḋeaċd dobair ṡnaiṫide: na maiġdiona a compánuiġ noċ leanas í do ḃéarṫar ċugadsa íad.

15 Do ḃéarṫar íad maille ré lúaṫġáir agus ġáirdeaċus: tiucfuid go pálás an ríġ.

16 A náit haiṫreaḋ biáid do ṁic, suiġeoċṫar mar ṗrionnsuiġiḃ íad san talaṁ uile.

17 Do ḃéarad fa deara hainm do ḃeiṫ ar cuiṁne ann gaċ aon ġinealaċ: uime sin molfuid na daóine ṫú go sáoġal na sáoġal.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan