Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 44 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XLIV. Naċ ionann súaiṁneas na heagluise ann gaċ ean aimsir.
Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm teagaisc do ċloinn Ċórah.

1 A Ḋe, do ċúalamar ré ar gclúasaiḃ, agus dfoillsiġeadar ar naiṫre ḋúinn, a nobair doibríġ tú iona naimsir, san tseanaimsir.

2 Gur ḋíbris amaċ léd láiṁ na cineaḋaċa, agus gur ṡuiġiḋ tú íadsan; do rinnis olc do na daoiniḃ, agus do ṫeilgis amaċ íad.

3 Oír ní re na gcloiḋeaṁ do ġaḃadar oiġreaċd a nfearuinn, agus ní hí a láṁ féin do ṡáor íad: aċt do láṁ ḋeassa, agus do ríġ, agus solus haiġṫe, do ḃríġ go raiḃ tú faḃarṫaċ ḋóiḃ.

4 Tusa mo Ríġ, a Ḋé: aiṫin sáoruġaḋ do Iácob.

5 Ionnadsa ḃuailfiom ar naiṁde: ann hainmse ṡailteoram síos an drong noċ éirġios ar naġaiḋ.

6 Oír ni ċuirfead mo ḋóiġ ann mo ḃoġa, agus ní sáorfa mo ċloiḋeaṁ mé.

7 Aċt do ṫárṫuiġ tusa sinn ó ar naiṁdiḃ, agus do náiriġis luċd ar ngortuiġṫe.

8 Do nímid glóir a Ndía ar feaḋ an laói, agus molfam hainm ċoiḋċe. Selah.

9 Aċt do ṫréig tú, agus do náiriġ tú sinn; agus ní raċa tú amaċ ré ar slúaġaiḃ.

10 Do ḃeir tú oruinn iompóġ ón naṁaid: agus an luċd ḟúaṫuiġios sinn do níd éadáil dóiḃ féin.

11 Do ḃeir tú sinn aṁuil mineallaċ mar ḃíaḋ; agus spréiġe tú sinn a measc na ngeinteaḋ.

12 Reaca tú do ḋaóine air néiṁní, agus ní ṁéaduiġeann tú ó a lúaċ.

13 Do ní tú scannail dar ccoṁarsanuiḃ ḋínn, tarcuisne agus magaḋ don luċd atá fá ccuáirt ar ttimċioll.

14 Do ní tú seanḟocal dínn a measc na ngeinteaḋ, croṫaḋ cinn a measc na bpoibleaċ.

15 Atá mo náire ós mo ċoinne ar feaḋ an laói, agus dfoluiġ náire maiġṫe mé,

16 O ġuṫ an ċáintéora agus an scannluiġṫéora; ó aġaiḋ na náṁad agus an dioġaltaiġ.

17 Ṫáinig so uile oruinn; giḋeaḋ níor ḋearmadamar ṫusa, agus ní ḋearnamar míoċoinġioll a naġaiḋ do ċonnarṫa.

18 Níor iompoiġ ar gcroiḋe air a ais, agus níor ċláon ar ccoiscéime ód ṡliġe;

19 Máta gur ḃrúiġ tú sinn a nionad na ndragún, agus gur ḟoluiġ tú sinn le scáile an ḃáis.

20 Má ḋearmadamar ainm ar Ndé, agus gur leaṫnuiġeamar ó ċéile ar láṁa ċum Dé ċoiṁṫiġe;

21 Naċ spionfaiḋ Día so amaċ? óir is aiṫne ḋó neiṫe foluiġṫeaċa an ċroiḋe.

22 Aseaḋ, ar do ṡonsa marḃṫar sinn go láeṫeaṁuil; meastar sinn mar ċaorċuiḃ ċum a náir.

23 Múscail, créd fa ccodlann tú, a ṪIĠEARNA? eiriġ, ná tréig sinn go bráṫ.

24 Cred fa gceilionn tú do ġnúis, a ndeana tú dearmad dar mbuáiḋreaḋ agus dar sáruġaḋ?

25 Oír do cláonaḋ ar nanam síos ċum an luaiṫriġ: ceangluiḋ ar mbolg don talaṁ.

26 Eíriġ ad ċaḃair ḋuinne, agus fúasgail sin ar son do ṫrócaire.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan