Psailm 42 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XLII. Teasġráḋ Ḋáiḃi a seirḃis Dé. Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm teagaisg ċum cloinne Córah. 1 Mar ḋúiliġios a neilit sroṫa na nuisgeaḋ, is marsin ḋúiliġios manam ionnadsa, a Ḋé. 2 Atá tart air manam ċum Dé, ċum an Dé ṁarṫannuiġ: ca huáir ṫiucfad agus ṫaisbeanfad mé féin ós coinne aiġṫe Dé? 3 Dob íad mo ḋéora mo ḃíaḋ do ló agus doiḋċe, an feaḋ a deirṫear riom go láeṫeaṁuil, Cáit a ḃfuil do Ḋía? 4 Cuiṁniġim na neiṫesi, agus dóirtim orum amaċ manam: óir dó ċuáiḋ mé ris an ccoiṁṫionól, do ċuáiḋ mé léo go tiġ Dé, lé guṫ lúaṫġáire agus molta, le hiomad ag congṁail láoi féile. 5 Cred fa tteilgṫear sios ṫú, ó manam? agus cread fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfad é fós ar son sláinte a aiġṫe. 6 O mo Ḋía, atá manam ar na ṫeilgion síos ionnam: da ḃríġsin cuiṁníġim ortsa ó ṫalaṁ Iordan, agus Hermonim, agus ón ccnoc ḃeag. 7 Goiriḋ an duḃaigéan ċum an duḃaigéin re guṫ do ḋuisioll uisgeaḋ: do ċúadar do ṫonna agus do ṫuile úile ṫoram. 8 Annsa ló aiṫeanas Día ḋá ṫrócaire, agus annsa noiḋċe a ċaintic agamsa, urnaiġ ċum Dé manma. 9 Déara mé ré Día mo ċarraic, Cred as ar ḋearmuid tú mé? cred fa nimṫiġim go doilġiosaċ ó ṡáruġaḋ mo náṁad? 10 Lé cloiḋeaṁ ann mo ċnáṁuiḃ, scannluiġid meascáirde mé; an feaḋ a deirid riom go láeṫeaṁuil; Cáit a ḃfuil do Ḋía? 11 Cred fa tteilgeann tú ṫú féin síos, ó manam? agus cred fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maiġṫe, agus mo Ḋía. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society