Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 40 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XL. Fáiġeadoireaċd ar ḟireantaċt Ċríosd, do ṡáruiġeas ceártas an tseinreaċd.
Don ṗrímḟéar ceóil, Psalm Ḋáiḃi.

1 Do ḟeiṫ mé go foiġideaċ ris an TTIĠEARNA; agus do ċláon sé ċugam, agus do ċúaluiḋ mo ċoṁairc.

2 Ṫug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úaṫḃásaċ, as criáiḋ laṫaiḋ, agus do ċuir mo ċosa ar ċarruic, agus do ḋaingniḋ mo ċoiscéime.

3 Agus do ċuir sé caintic núaḋ ann mo ḃéul, molaḋ dar Ndía: do ċífid mórán é, agus biáiḋ eagla orra, agus cuirfid a ndóiġ annsa TIĠEARNA.

4 Is beannuiġe an duine ċuireas a ḋóṫċus ansa TIĠEARNA, agus nár ḟéuċ do nuáiḃreaċ, nó don luċd ċláonas ċum bréug.

5 O a ṪIĠEARNA ar Ndía, do rinnis iomad dot oibreaċaiḃ iongantaċa, agus dot smuaintiġiḃ ḋúinne: ní féidir do neaċ a ccunntas duitsi a nórduġaḋ: dá ḃfoillseoċuinn íad agus a laḃairt, is mó íad ná is féidir áireaṁ.

6 Níor íarr tú íoḋbairt nó ofráil; dfoscail tú mo ċlúasa: ofráil loisge nó ofráil ṗeacaiḋ níor íarr tú.

7 Annsin a dúḃairt misi, Féuċ, atáim ag teaċt: a cceann an leaḃair atá scríoḃṫa orumsa.

8 Is áoiḃin leam do ṫoil do ḋéanaṁ, O mo Ḋé: agus atá do ḋliġeaḋ a meaḋón minneaḋ.

9 Do ṡoisgéil mé ṫfíréuntaċt annsa gcoiṁṫionól ṁór: féuċ, níor connuiṁ mé mo ḃéul, is aiṫne ḋuit, a ṪIĠEARNA.

10 Níor ḟoluiġ mé ṫfíréuntaċd a meaḋon mo ċroiḋe; dfoillsiġ mé ṫfírinne agus do ṡlánuġaḋ: níor ċeilios do ċineal gráḋaċ agus ṫfírinne ón ccoiṁṫionól ṁór.

11 Ná connuiṁsi úaim a ṪIĠEARNA, do ṫrócaire ċineulta: coiṁéadaḋ hoineaċ gráḋaċ agus ṫfírinne do ġnáṫ mé.

12 Oír do timċiolladar uilc ḋóairṁe fa ccuairt mé: do ġaḃadar na peacaiḋ greim ḋíom, agus ní ḟéaduim ḟéuċuin súas; atáid ní is líonṁuire ná grúag mo ċinn: agus do ṫréig mo ċroiḋe mé.

13 Toiliġ, a ṪIĠEARNA, mo ṡáoraḋ: a ṪIĠEARNA, déan deiṫnios dom ċaḃair.

14 Náiriġṫear, agus claóiḋtear íad a néinḟeaċd noċ íarrus manam do ṁilleaḋ; filltior ar a nais agus náiriġṫear an dream noċ órduiġios olc ḋaṁ.

15 Dioṫlaiṫriġṫear íad mar lúaiġeaċd a náire noċ a deir riom, Aha, aha.

16 Déanaidís gáirdeaċus agus bídís lúaṫġáireaċ ionnadsa gaċ áon dá níarrann tusa: abraidís a ccoṁnuiġe gaċ a ngráḋuiġionn do ṡlánuġaḋ, Go méadiġṫear an TIĠEARNA.

17 Bíoḋ go ḃfuilim boċd agus easḃuiḋeaċ; smuáinfiḋ an TIĠEARNA orum: is tú mo ċoḃarṫa agus mo ṡaorṫeoir; ó a Ḋía, ná déan failliġe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan