Psailm 39 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XXXIX. Aire Ḋáiḃi ar a ċaint. Don ṗríṁḟear ceóil, do Iedútun, Psalm Ḋáiḃi. 1 A Duḃairt mé, Do ḃéara mé aire dom ṡliġṫiḃ, go naċ déanad peacaḋ lem ṫeangaiḋ: coinneoċad srian rem ḃéul, an feaḋ ḃías an ciontaċ ós mo ċoinne. 2 Do ḃí mé balḃ ré a ḃeiṫ am ṫoċt, do ḃí mé am ṫoċt, ó ṁaiṫ; agus do corruiġeaḋ mo ḋoilġios. 3 Do ḃí mo ċroiḋe te ionnam a stiġ, ann mo smuáineaḋ do las an teine: annsin do laḃrus rem ṫeangaiḋ, ag ráḋ, 4 A ṪIĠEARNA, foillsiġ ḋaṁ mo ċríoċ ḋeiġionaċ, agus taḃair a ḟios daṁ caiḋe fad mo láeṫe; go maḋ fios daṁ cá fad ṁairfios mé. 5 Féuċ, do rinne tú mo láeṫe do leiṫead baise; agus atá maóis mar neiṁní ad laṫairsi: go deiṁin is díoṁaóineas go léir a nuile ḋuine ḋá ḟeaḃus da mbí a staid. Selah. 6 Go deiṁin is mar íoṁáiġ ṡiuḃlas a nuile ḋuine: go deiṁin is a ndíoṁaóineas do níd corruġaḋ: cruinniḋ ḋuine maóin, agus ní ḟeadair sé cía ċaiṫfios íad. 7 Agus a nois, cred ar a ḃfuilim ag feiṫioṁ? a ṪIĠEARNA, atá mo ḋóṫċus ionnadsa. 8 Om uile aindliġeaḋ sáor mé: na déan scannail a namadáin díom. 9 Do ḃí mé balḃ, níor ḟoscáil mé mó ḃéul; do ḃríġ go ndéarna tusa é. 10 Aṫruiġ uáimse do ḃuille: do ṁeaṫ mé tre ḃuille do láiṁe. 11 An tan ċeasnuiġios tú duine re haċṁusanuiḃ air son éigceirt, do ḃearair air a sgeiṁe cnáoi mar léaman: is díoṁaóineas go léir a nuile ḋuine. Selah. 12 Cluin múrnuiġ, a ṪIĠEARNA, agus taḃair éisteaċd dom ċoṁairc; ná bí boġar rem ġul: óir is coigcríġe mé agadsa, am ċoiṁiġṫeaċ, mar maiṫreaċa uile. 13 Coisg ḋíom, agus léig ḋaṁ mo neart daṫnúaġaḋ, suil imṫeaċad, agus naċ bíad ann ní sa mó. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society