Psailm 38 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XXXVIII. An treas psalm aiṫriġe. Psalm Ḋáiḃi do ċur a ccoiṁne. 1 A ṪIĠEARNA, ná himḋearg mé ann ṫfeirg: agus ná smaċduiġ mé ann do ḋiomḋa té. 2 Oír atáid do ṡoiġde na seasaṁ go daingion ionnum, agus atá do láṁ dom ḃruġaḋ go doirḃ. 3 Ní ḃfuil sláinte ar biṫ ann mfeóil do ḃríġ ṫfeirgesi; ní ḃfuil síoṫċáin am ċnáṁuiḃ do ḃríġ mo ṗeacaiḋ. 4 Oír do ċúadar mo ċionta ós mo ċeann: mar úalaċ trom atáid ro ṫrom agam. 5 Atáid mo ċréaċda morcuiḋṫe agus atáid bréun do ḃríġ mo leiṁe. 6 Atáim crotaċ; atáim ag cláonaḋ síos go hiomarcaċ; siuḃluim a ndoilġios ar feaḋ an laoi uile. 7 Oír atáid mo ṡlíasta dá losgaḋ; agus ní ḃfuil falláine ar biṫ ann mfeóil. 8 Atáim anḃfann agus ar mo ḃualaḋ go neiṁneaċ: do nuáill mé ar son ṁíoṡuaiṁnis mo ċroiḋe. 9 A ṪIĠEARNA, is ós do ċoinne atá mo ṁían uile; agus níor folċaḋ mosnaḋaċ ortsa. 10 Atá mo ċroiḋe luáiṁneaċ, tréigiḋ mo neart mé: agus ní ḃfuil solus féin mo ṡúl agam. 11 Seasaid máos gráḋa agus mo ċáirde gan ḃeiṫ a laṫair mo ḃuilleaḋ; agus seasaid mo ġaol a ḃfad uáim. 12 Agus an luċd atá ag tóruiġeaċd ar manam cuirid paintéir roṁam: agus an drong íarrus molc laḃraid urċóid, agus smuainid cealga ar feaḋ an laoi. 13 Aċt misi, aṁuil duine boġar, ní ċluinim; agus mar ḋuine ḃalḃ naċ ḃfosclann a ḃéul. 14 Mar so do ḃi mé mar ḋuine naċ ccluinionn, agus ag naċ ḃfuil aċṁusan iona ḃéul. 15 Oír ionnadsa, a ṪIĠEARNA, cuirim mo ḋóṫċus: do ḃéarair freagrá, ó a ṪIĠEARNA mo Ḋía. 16 Oír a duḃrus, Deagla go ndéindís gáirdeáċus orum: a núair ċorruiġċeas mo ċos, móruiġid íad féin am aġaíḋ. 17 Oír atáim ollaṁ ċum ḃeiṫ bacaċ, agus atá mo ḋoilġios air maġaiḋ do ġnáṫ. 18 Oír foillseoċaiḋ mé mo ċionta; agus bíad ḋoilġiosaċ air son mo ṗeacaiḋ. 19 Aċt atáid mo náiṁde béoḋa, atáid neartṁar: agus atáid ar na níomaduġaḋ noċ ḟúaṫuiġios mé go bréugaċ. 20 Agus an drong ṫoirḃearus olc ar son maiṫeasa atáid na naiṁdiḃ agam; do ḃríġ go leanuim an ṁaiṫ. 21 Ná tréig mé, a ṪIĠEARNA: mó Ḋía, na bí a ḃfad uáim. 22 Déana deiṫfir ċum mfúrtaċda, ó a ṪIĠEARNA mo ṡlanuġaḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society