Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XXXVII. Foillsiuġaḋ ar ṡoirḃeas ḋiombúan na ndroċḋaóine, agus ar ḟeaḃas staid na bfírein.
Psalm Ḋáiḃi.

1 Na fearguiḋ ṫú féin fá luċd déanta a nuilc, ná bí aingiḋe a naġaiḋ luċda oibriġṫe a néigceirt.

2 Oír mar an ḃféur gearrfuiġear síos go hobann íad, agus críonfuid mar an luiḃ ġlais.

3 Cuir do ḋóiġ annsa TIĠEARNA, agus déan maiṫ; áitreiḃiġ tú annsa dúiṫċe, agus beaṫóċar ṫú go deiṁin.

4 Agus bíoḋ do ḋúil fós annsa TIĠEARNA; agus do ḃéura sé ḋuit íarratas do ċroiḋe.

5 Táoḃ do ṡliġe ris an TTIĠEARNA; agus cuir do ḋóiġ ann; agus do ḋéana sé é.

6 Agus do ḃéaruiḋ sé amaċ ṫfíreuntaċd mar an solus, agus do ḃreiṫeaṁnus mar ṡolus an ṁeaḋon laói.

7 Bí ad ṫoċt don TIĠEARNA, agus déan feiṫioṁ, foiġideaċ air: ná fearguiḋ ṫú féin ris an té ḃíos sona iona ṡliġe, ris an tí noċ ċrioċnuiġios a ḋroċ smuáintiġ.

8 Scuir ó ḟeirg, agus léig ḋíot ainteas: ná fearguiḋ ṫú féin air éanċor ċum uilc do ḋéanaṁ.

9 Oír gearrfuiġṫear amaċ luċd déanta na héagcóra: agus luċd feiṫṁe air an TTIĠEARNA, ġeaḃuid óiġreaċd a nfearuinn.

10 Agus fós beagán, agus ní ḃiáiḋ an cionntaċ ann: measfa tú go dúṫraċdaċ a ionad, agus ní ḃfuil sé ann.

11 Aċt géuḃuid na ceansuiġṫe oiġreaċd a nfearuinn; agus biáiḋ a ndúil a niomad na síoṫċána.

12 Do ní an tanduine tionsgnaṁ a naġaiḋ a nionnruic, agus do ní díoscán na aġaiḋ ré na ḟíaclaiḃ.

13 Do ḋéana an TIĠEARNA gáire uime: óir do ċí go ttiucfaiḋ a lá.

14 Do ṫairngeadar na droċḋaóine an cloiḋeaṁ, agus do réiġiodar a mboġa, do ṫeilgean na mbuaiḋearṫa agus an mboċd síos, agus do ṁarḃaḋ na ndíreaċ san tsliġe.

15 Raċuiḋ a ccloiḋeaṁ a steaċ iona ccroiḋe féin, agus brisfiġṫear a mboġa.

16 Is féarr an beagan atá ag an ḃfíréun ná saiḋḃrios ṁóráin do ḋroċḋaóiniḃ.

17 Oír brisfiġṫear riġṫeaċ na ndroċḋaóine: aċt congṁaiḋ an TIĠEARNA an fíréun súas.

18 As aiṫne don TIĠEARNA láeṫe na ndíreaċ: agus biáiḋ a noiġreaċd go síorruiḋe.

19 Ní ḃiáiḋ náire orra a naimsir a nuilc: agus béid sásuiġ a laéṫiḃ na gorta.

20 Aċt meiṫfid na cionntuiġ, agus béid naiṁde an TIĠEARNA mar ṁéuṫus ná luḃán: cnaóifiġṫear íad; biáid cnaóite a ndeatuiġ.

21 Gaḃaiḋ an droċduine áirleagaḋ, agus ní ḋíolann a rís: aċt taisbeanuiḋ an fíréun trócaire, agus do ḃeir ní úaḋ.

22 Oír an ṁéid atá ar na mbeannuġaḋ uaḋsan géaḃuid oiġreaċd na talṁan; agus an luċd do ṁalluiġ sé gearrfar amaċ íad.

23 Is ón TTIĠEARNA orduiġṫear coiscéime an duine: an tan ḃías dúil aige iona ṡliġe.

24 Bíoḋ go ttuitfeaḋ, ní teilgfiġṫear síos é: óir congṁaiḋ an TIĠEARNA a láṁ súas.

25 Do ḃí mé óg, agus a nois atáim áosta; aċt ní ḟaca mé an fíréun ar na ṫréigion, agus a ṡlioċt ag íarruiḋ déirce aráin.

26 Atá sé trócaireaċ, agus áirleagṫaċ; ar feaḋ an laói, agus atá a ṡlioċd beannuiġ.

27 Dealuiġ ó nolc, agus déan maiṫ; agus áitreiḃ go bráṫ.

28 Oír is ionṁuin leis an TTIĠEARNA breiṫeaṁnus, agus ní ṫréigionn a naóiṁ; agus atáid daingion go bráṫ: aċd gearrfar slioċd an droċḋuine ar fad.

29 Géaḃaid na daoine fíréunta oiġreaċd a nfeáruinn, agus áitreoḃuid ann go síorruiḋe.

30 Laiḃeoruiḋ béul a nfíréin eagna, agus laiḃeoruiḋ a ṫeanga breiṫeaṁnus.

31 Atá dliġeaḋ a Ḋé iona ċroiḋe, ní sciorrfuiḋ áon dá ċoiscéimiḃ.

32 Bí an droċḋuine ag faire ar an ḃfíréun, agus íarruiḋ a ċur ċum báis.

33 Ní ḟúigfiḋ an TIĠEARNA iona láiṁ é, agus ní ḋaimnéoċuiḋ é an tan do ḋéantar breiṫeaṁnus air.

34 Feiṫ air an TTIĠEARNA, agus connaiṁ a ṡliġe, agus áirdeoċuiḋ sé ṫú ċum oiġreaċda na dúiṫċe: a nuáir ḃéid na droċḋaóine air na scrios, do ċífe tú sin.

35 Do ċonnairc mé an droċḋuine neartṁar, agus agá leaṫnuġaḋ féin aṁuil crann glas ḟasas úaḋ féin.

36 Agus do ġaḃus ṫort, agus, féuċ, ni raiḃ sé ann: agus díarr mé é, agus níor fríṫ é.

37 Coṁarṫuiġ an fíréun, féuċ air an ndíreaċ: óir is síoṫċáin críoċ a nfir sin.

38 Aċt scriosfuiġṫear luċd an tsáruiġṫe á néinḟeaċd: agus gearrfar amaċ deireaḋ an droċḋuine.

39 Agus is ón TIĠEARNA atá slánuġaḋ a nfíréin: sé a neart é a naimsir a néigiontuis.

40 Agus do ḃéaruiḋ an TIĠEARNA caḃair ḋoiḃ, agus sáorfuiḋ íad: sáorfuiḋ se íad ó na droċḋaóiniḃ, agus coiṁdeoċuiḋ íad, do ḃríġ go ḃfuil a ndóiġ ann.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan