Psailm 36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XXXVI. An duine, gé trúaġ ann féin, atá sé beannuiġte a Ndía. Don príṁḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi, seirḃíseaċ an TIĠEARNA . 1 A Deir droiċġníoṁ an ċiontuiġ a stiġ ann mo ċroiḋe, naċ ḃfuil eagla Dé ós coinne a ṡúl. 2 Oír do ní spleaḋaċus ris féin iona raḋarc, nó go naiṫniġior go ḃfuil a ṗeacaiḋ fúaṫṁar. 3 Is míċeart agus mealltóireaċd bríaṫra a ḃéil: do léig ḋe ḃeiṫ glic, agus maiṫ do déanaṁ. 4 Smuáiniġiḋ se díoṁáoineas air a leabuiḋ; suiġiḋ sé féin ar ṡliġe naċ maiṫ; ní ḋíultann an tolc. 5 A ṪIĠEARNA, is annsna flaiṫeasuiḃ atá do ṫrócaire; agus ṫfírinne go nuige na néulla is áirde. 6 Is cosṁuil ṫfíréantaċd re sléiḃtiḃ ro arda; do ḃreiṫeaṁnuis is cosṁuil ris an nduḃaigéan: ó a ṪIĠEARNA, cuṁduiġ tú an duine agus an tainṁiḋe. 7 Cred é oirḋearcus do ṫrócaire a Ḋé! air a naḋḃar sin cuirfid mic na ndáoine a ndóiġ a scáile do sciaṫán. 8 Béid ar na sásuġaḋ go ro ṁór lé méaṫus do ṫiġe; agus do ḃéara tú orra ól daiḃne haóiḃnis. 9 Oír is agadsa atá tobar na beaṫa; ann do ṡolusa do ċíḋfiom solus. 10 Faduiġ do ṫrócaire don luċd darab éolaċ ṫú; agus ṫfíréuntaċd don díreaċ a ccroiḋe. 11 Ná tigeaḋ cos a núaḃair orum, agus ná corruiġeaḋ láṁ an ċiontuiġ mé. 12 Annsin do ṫuiteadar luċd oibriġṫe na hurċóide: do teilgioḋ síos íad, agus ní buḋ éidir léo éirġe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society