Psailm 35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XXXV. Psalm ag iarraiḋ congnaṁ a naġaiḋ na náṁad. Psalm Ḋáiḃi. 1 Tagair, a ṪIĠEARNA ris an ṁuinntir ċeannairgios riom: caṫaiġ ris an ṁuinntir ċaṫuiġios am aġaiḋ. 2 Gaḃ greim do sceiṫ agus do ḃuicléir, agus seas súas dom ċuṁdaċ. 3 Agus tarruing amaċ an gaṫ, agus stop an tsliġe a naġaiḋ na muinntire ḃuáiḋrios mé: ráiḋ rem anam, Is misi do ṡlánuġaḋ. 4 Claóiḋtear agus náiriġṫear an luċt íarrus mauam: iompóiġṫear air a nais agus claoiṫear an luċd noċ smuáineas urċóid daṁ. 5 Bídís mar lóċán ós coinne na gaóiṫe: agus aingeal an TIĠEARNA ġa rúagaḋ. 6 Bíoḋ a sliġe na ḋorċadus agus ro ṡleaṁuin: agus aingeal an TIĠEARNA da ngérleanṁuin. 7 Oír is gan aḋḃar do ḟoluiġeadar a líon am ċoinnesi a log, noċ do ṫoċladar gan aḋḃar a ccoinne manma. 8 Tigeaḋ milleaḋ airsion naċ raiḃ a ḟios aige; a líon noċ dfoluiġ sé gaḃaḋ é féin: agus tuiteaḋ sé annsa milleaḋ sin féin. 9 Agus biáiḋ manamsa lúaṫġáireaċ annsa TIĠEARNA: do ḋéanuiḋ sé gáirdeaċus iona ṡlánuġaḋ. 10 Déaruid mo ċnáṁa uile, O a ṪIĠEARNA, cia is cosṁuil leaċdsa, noċ ṡáorus an boċd ó nduine atá ainneartṁar na aġaiḋ, agus an boċt agus an teasḃuiḋeaċ ón té ṁillios é? 11 Déiriġ fiaġnuise éagcóraċ súas; dfíafruiġeadar ḋíom an ní nár ḃfeas daṁ. 12 Ṫugadar ḋaṁ luáiġeaċd uilc a naġaiḋ maiṫeasa ċum manma do ṁilleaḋ. 13 Aċt misi, a núair do ḃádar easlán, bá saicéadaċ mo ċulaiḋ: duṁluiġios manum re troscaḋ; agus dfill mo ġuiḋe am uċt féin. 14 Diomċras mé féin aṁluiḋ is gur ḃé mo ċaruid nó mo ḋearḃraṫair é: duṁluiġios a nduiḃéadaċ, mar an té do ní doilġios ar son a ṁaṫar. 15 Aċt ann mo ríaċdanas do rinneadarsan gáirdeaċus, agus do ċruinniġeadar íad féin a naonáit: na cioṫruimiġ fós, do ṫionoladar a cceann a ċéile am aġaiḋ, agus ní raiḃ a ḟios agamsa; do réubadar, agas nior sguireadar. 16 Re clúanairiḃ magaiḋ ar ċóisreaċuiḃ, ag gíosgán ré na ḃfíacluiḃ am aġaiḋsi. 17 A ṪIĠEARNA, cá fad ḃías tú ḋá ḟaicsin so? sáor manam ó na mbuáiḋreaḋ, mo ṁuirnín ó na leoṁanuiḃ. 18 Do ḃéarad buiḋeaċus duitsi annsa ccoṁḋáil ṁór: a measc ṁoráin daóine molfa mé ṫú. 19 Ná léig dom naiṁdiḃ gáirdeaċus do ḋéanaṁ ós mo ċionn go héagcóraċ: ná léig do luċd mfúaiṫiġṫe gan aḋḃar a súil do ċláonaḋ. 20 Oír ní laḃraid síoṫċáin: agus tionnsgnuid bríaṫra cealgaċa a naġaiḋ ḋaóine socra na talṁan. 21 Agus dfoscladar a mbéul go fairsing am aġaiḋ, a duḃradar, Aha, aha, do ċíd ar súile é. 22 Do ċonnairc tú so, a ṪIĠEARNA: ná bí ad ṫoċd: a ṪIĠEARNA, ná bí a ḃfad uáim. 23 Corruiġ súas ṫú féin, agus músgail ċum mo ḃreiṫeaṁnuis, ċum mo ċúise, mo Ṫiġearna agus mo Ḋía. 24 Beir breiṫeaṁnus orum, do réir ṫfíréuntaċda, ó a ṪIĠEARNA mo Ḋía; agus ná gáirdiġid ós mo ċionn. 25 Ná habraid síad iona ccroiḋe, Aha, ar nanam: ná habruid, Do ṡluigeamar súas é. 26 Náiriġṫear agus claóiḋtear a néinḟeaċd an drong do ní gáirdiuġaḋ ann molc: éaduiġṫear íad lé himḋeargaḋ, agus neíṁonoir noċ ṁóruiġios íad féin am aġaiḋ. 27 Gáiredís lé lúaṫgáire, agus bídís gáirdeaċ, gaċ a ḃfuil faḃarṫaċ dom ḟíréuntaċd: agus abraidís do ġnáṫ, Bíoḋ an TIĠEARNA móruiġṫe, agá ḃfuil dúil a síoṫċáin a ṡeirḃísiġ. 28 Agus foillseoċuiġ mo ṫeanga ṫfíréuntaċd, agus do ṁolaḋ ar feaḋ an laói. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society