Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XXXIV. Cuireaḋ do ḋaóiniḃ ceart, ċum Día do ġlóruġaḋ.
Psalm Ḋáiḃi, a nuáir dáṫruiġ sé a inneal a laṫair Abimeleċ; noċ do ṫiomáin úaḋ é, agus do ḋealuiḋ sé rís.

1 Beinneoċuiḋ mé an TIĠEARNA gaċ uile uáir: biáiḋ a ṁolaḋ ann mó ḃéul a ccoṁnuiġ.

2 Annsa TTIĠEARNA do ḋéana manam glóir: cluinfe an tuṁal é, agus biáiḋ lúaṫġáireaċ.

3 Móruiḋe an TIĠEARNA leamsa, agus árduiġemid a ainm a néinḟeaċd.

4 Díarr mé an TIĠEARNA, agus do ċúaluiḋ sé mé, agus do ṡáor me óm eagla uile.

5 Dféuċadar ċuige, agus do ṡoillsíuġaḋ íad: agus ní raiḃ náire ar a naiġṫiḃ.

6 Do ġáir an duine boċtso, agus do ċúaluiḋ an TIĠEARNA é agus do ṡáor é ó na uile ḃuáiḋreaḋ.

7 Do ní aingeal an TIĠEARNA campa go cruinn a ttimċioll na druinge air a mbí a eagla, agus sáoruiḋ sé íad.

8 Blaisiḋ, agus féuċuiḋ gur maiṫ an TIĠEARNA: is beannuiġ an duine agá mbí a ḋóiġ ann.

9 Bíoḋ eagla an TIĠEARNA oruiḃ, siḃsi a naoṁa féin: oír ní ḃfuil uireasḃuiḋ air an luċd air a ḃfuil a eagla.

10 Bíṫ uireasḃuiḋ air na leoṁnuiḃ óga, agus fuilingid ocrus: aċt ní ḃiáiḋ uireasḃuiḋ éanṁaiṫeasa ar an luċd íarrus an TIĠEARNA.

11 Tigiḋ, a ċlann, éistiġ riomsa: teagaisgfead eagla an TIĠEARNA ḋiḃ.

12 Cía hé an duine ler mían beaṫa, ler bionṁúin iomad láeṫeaḋ, dfaicsin maiṫeasa?

13 Coiṁéad do ṫeanga ó urċóid, agus do ḃéul ó laḃraḋ ceilge.

14 Dealuiḋ ris a nolc, agus déan maiṫ; íarr síoṫċáin, agus lean í.

15 Atáid súile an TIĠEARNA ċum na ḃfíréin, agus a ċlúasa ċum a ccoṁarc.

16 Atá aġaiḋ an TIĠEARNA a naġaiḋ na druinge do ní olc, ċum a ccuiṁne do ġearraḋ ón talaṁ.

17 Gáirid na fíréin, agus do ċluin an TIĠEARNA, agus sáoruiḋ íad ó na nuile anacra.

18 As fogus an TIĠEARNA don druing agá ḃfuil a ccroiḋe briste; agus sáorfuiḋ na coṁmbrúiġte a spioraid.

19 Is iomḋa cráḋ air an ḃfíréun: giḋeaḋ sáorfuiḋ an TIĠEARNA úaṫa uile é.

20 Cuṁduiġ sé a ċnáṁa uile: ní bristear áon díoḃ.

21 Aċt muirfiḋ an tolc an cionntaċ: agus sgriosfuiġear an luċd agá ḃfuil fúaṫ air an ḃfíréun.

22 Fúasgluiḋ an TIĠEARNA anam a ṡeirḃíseaċ: agus ní scriosfuiġṫear an ṁéid ċuirfios a ndóiġ ann.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan