Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XXXIII. Maiṫeas, 6 cuṁaċt, 12 agus freasdal Dé dá ṁuinntir féin.

1 Gairdiġiḋ annsa TIĠEARNA, siḃsi a ḟíréuna: is cuḃaiḋ molaḋ don díreaċ.

2 Molaiḋ an TIĠEARNA ris an ccláirsiġ: re psaltair re hionstrumeint ḋeiċ ttéud canuiḋ ḋó.

3 Canuiḋ ḋó caintic núaḋ; sinniḋ go héolgaċ maille re fuáim áird.

4 Oír is díreaċ bríaṫar an TIĠEARNA, agus a oiḃreaċa uile maille re fírinne.

5 Is ionṁuin leis ceart agus breiṫeaṁnus: atá an talaṁ lán do ṫrocaire an TIĠEARNA.

6 Re breiṫir an TIĠEARNA do rinneaḋ na flaiṫeaṁnuis; agus le spiorad a ḃéil a ṡlúaġ uile.

7 Cruinníġiḋ sé uisgeaḋa na mara aṁuil cárnn: agus cuiriḋ súas an dúḃaigéan a ttiġṫiḃ ionnṁuis.

8 Bíoḋ eagla an TIĠEARNA air an ttalaṁ uile: bíoḋ úaṁan ar uile áitreaḃaċa an doṁuin.

9 Oír do laḃair sé, agus do rinneaḋ aṁluiḋ; do aiṫin sé, agus do cruṫuiġeaḋ é.

10 Do ní an TIĠEARNA coṁairle na ccinneaḋaċ díoṁaoin: do ní smúaintiġe na ndaóine neiṁéifeaċtaċ.

11 Seasfuiḋ coṁairle an TIĠEARNA go bráṫ, smúaintiġṫe a ċroiḋe go sáoġal na sáoġal.

12 Is beannuiġ an cineaḋ agá ḃfuil an TIĠEARNA na Ḋía aca; na daóine do ṫoġ sé mar oiġreaċd dó féin.

13 Féuċuiḋ an TIĠEARNA ó neaṁ; do ċí sé mic na ndáoine uile.

14 Dearcaiḋ sé ó a ionad cóṁnuiġ air áitreaḃaiḃ na talṁan uile.

15 Eision cumadóir a ccroiḋṫeaḋ a néainḟeaċd; tuige sé a noibreaċ uile.

16 Ní ḃfuil ríġ air biṫ cuṁduiġṫear re iomad slóiġ: ní sáorṫar an duine tréan re méad a neirt.

17 Is ní díoṁaóin eaċ mar ḋídion: ní ṡáorfa sé aonduine re méad a neirt.

18 Féuċ, atá súil an TIĠEARNA ar an luċd air a ḃfuil a eagla, air an luċt ċuirios a ndóiġ iona ṫrócaire;

19 Do ṡáoraḋ a nánma ó ḃás, agus dá ccongṁáil béo a ngorta.

20 Atá ar nanam ag feiṫeaṁ air an TTIĠEARNA: is eision ar ccaḃair agus ar scíaṫ.

21 Oír is annsan do ḋéanas ar ccroiḋe gáirdeaċus, do ḃríġ gur ċuireamar ar ndóiġ ann a ainm náoṁṫasan.

22 Bioḋ do ṫrócaire, oruinn, a ṪIĠEARNA, do réir mar atá ár ndóiġ ionnad.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan