Psailm 32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XXXII. An dara Psalm aiṫriġe. Psalm tegaisg Ḋáiḃi. 1 Is sona an té agá ḃfuil a ċionnta ar na maiṫeaṁ, agus a ṗeacaḋ ar na ḟolaċ. 2 Is beanuiġe an té noċ naċ cuirionn an TIĠEARNA peacaḋ na leiṫ, agus ag naċ ḃfuíl cealg iona spioraid. 3 A nuáir do ḃí mé am ṫoċd, dfásadar mo ċnáṁa foirfe do ḃríġ mo ḃúirfeaḋa ar feaḋ an laói. 4 Oír do ḃí do laṁ trom orum do ló agus doiḋċe: do hiompóiġeaḋ mo ḟliċeaċd a ttart saṁraiḋ. Selah. 5 Dadṁaiḋ me mo ṗeacaḋ ḋuitse, agus níor ḟoluiġ mé mo ċionta. A duḃairt mé, Aideoṁad maindliġṫe don TIĠEARNA; agus do ṁaiṫ tú urċóid mo ṗeacaiḋ. Selah. 6 Ar a naḋḃarsin do ḋéana a nuile ḋuine díaḋa urnuiġ ċugadsa a nam ṫfaġala: go deiṁin a ttuilte uisgeaḋa móra ní ṫiocfuid a ngar ḋósan. 7 Is tú mionad foluiġ; coiseonuiḋ tú mé ó ḃuáiḋreaḋ; ré gáirdeaċus sáorṫa tiucfuir fá ccuáirt am ṫimċioll. Selah. 8 Teagosfa mé ṫú, agus múinfead ṫú san tsliġe iona ngéuḃair: do ḃéar coṁairle ḋuit ré mo ṡúil do beiṫ ort. 9 Ná bíṫí mar a neaċ, nó mar an múille, ag naċ ḃfuil tuicsi: is iníaḋta a ḃéul re béulṁaċ agus re srían, deagla go ttiucfaḋ sé a ngar ḋuit. 10 Atáid iomad doilġios don ṗeacaċ: aċt tiucfa trócaire, a ttimċíoll an té ċuireas a ḋóṫċus annsa TIĠEARNA. 11 Déanuiḋ gáirdeaċus annsa TIĠEARNA, agus bíṫí lúaṫġáireaċ, siḃsi a ḟíréuna: agus déanuiḋ lúaṫġáir, siḃsi uile noċ atá díreaċ a ccroiḋe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society