Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm III. Sé coṫuġaḋ Dé is dion do nḟírein.
Psalm Ḋáiḃi, ag teiṫeaṁ ó na ṁac Absolon.

1 A ṪIĠEARNA, cred mar do ṁéaduiġ tú luċd mo ḃuáiḋearṫa? is iomadaṁuil an drong noċ éirġios súas am aġaiḋ.

2 Is iomadaṁuil an drong a deir rém anam, Ní ḃfuil caḃair air biṫ ḋó a Ndía. Selah.

3 Aċt tusa, a ṪIĠEARNA, atá tú ad scéiṫ ḋaṁsa; mo ġlóir, agus fear tógṫa súas mo ċinn.

4 Déiġios ċum an TIĠEARNA lem ġuṫ, agus do ċúaluiḋ sé mé amaċ as a ċnoc náoṁṫa. Selah.

5 Do luiġ mé síos; agus do ċodlas do ḋúisiġios; óir do ċoṫuiġ an TIĠEARNA mé.

6 Ní ḃiáiḋ eagla orum roiṁe ḋeiċ míle don ṗobal, noċ do ċuir íad féin timċioll am aġaiḋ.

7 Eíriġ, ó a ṪIĠEARNA; anaic mé, ó mo Ḋía: óir do ḃuáil tú mo naiṁde uile air ċnáiṁ an ġéill; do ḃrisis fíacla na druinge neiṁḋíaḋa.

8 Is ón TTIĠEARNA ṫig slanuġaḋ: atá do ḃeannaċd air do ṗobal. Selah.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan