Psailm 29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XXIX. Gu ḃfuil toirneaḋ agus guṫ Dé úaṁun, ḟíorneartṁur. Psalm Ḋáiḃi. 1 Tugaiḋ don TIĠEARNA, a ċlann na ccuṁaċdaċ, tugaiḋ don TIĠEARNA glóir agus neart. 2 Tugaiḋ don TIĠEARNA an ġlóir is ceart dá ainm; aḋruiḋ an TIĠEARNA a scéiṁ a naoṁṫaċda. 3 Atá guṫ an TIĠEARNA ós cionn na nuisgeaḋ: tóirniġ Día cuṁaċdaċ na glóire: atá an TIĠEARNA ós cionn na nuisgeaḋ mór. 4 Atá guṫ an TIĠEARNA a gcoṁaċta; atá guṫ an TIĠEARNA a mórḋaċt. 5 Brisiġ guṫ an TIĠEARNA crainn ċéadair; iseaḋ, brisiġ an TIĠEARNA céadair Lebanon. 6 Do ḃeir fós orra lingeaḋ aṁuil láoġ; Lebanon agus Sirion aṁuil unicorn óg. 7 Roinniġ guṫ an TIĠEARNA lasraċa na teineaḋ. 8 Croiṫiġ guṫ an TIĠEARNA an dioṫraṁ; croiṫiġ an TIĠEARNA díoṫraṁ Ċádes. 9 Do ḃeir guṫ an TIĠEARNA ar na heilitiḃ laóiġ do ḃreiṫ, agus do ní na coillte lom: agus iona ṫeampull laḃruiḋ a nuile ḋuine a ġlóir. 10 Suiġiḋ an TIĠEARNA ós cionn na tuile: agus suiġiḋ an TIĠEARNA na Ríġ go bráṫ. 11 Do ḃéara an TIĠEARNA neart dá ṗobal; benneoċuiḋ an TIĠEARNA a ṗobal lé síoṫċáin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society