Psailm 28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XXVIII. Tairrġir ar luáiġeaċt ḋaóine urċóideaċ. Psalm Ḋáiḃi. 1 Ċugadsa ġáirfeas mé, a ṪIĠEARNA mo ċarruig; ná bí boġar am ṫáoḃsa: deagla, muna ḃfreagarṫá mé, go maḋ cosṁuil mé ris a ndróing ṫéid síos don log. 2 Cluin guṫ mo aṫċuinge, a nuáir ċoṁaircfead ċugad; a núair ṫóigfead súas mo láṁa ċum horacuil náoṁṫa. 3 Ná tárruing mé leis na cionntaċaiḃ, ná leis a ndroing oibriġios olc, noċ laḃras síoṫċáin ré na ccoṁarsanuiḃ, a nuáir ḃíos urċóid iona ccroiḋe. 4 Taḃair luáiġeaċt dóiḃ do réir a ngníoṁ, do réir urċóide a ndiṫċill: taḃair ḋóiḃ do réir oibre a láṁ; taḃair ḋóiḃ a luáiġeaċt. 5 Oír ní ḃfuil meas aca air oibriḃ an TIĠEARNA, nó ar oibriuġaḋ a láṁ, brisfe sé síos íad, agus ní ċuirfiḋ súas íad. 6 Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, óir do ċúalaiḋ sé guṫ mo íarratuis. 7 Isé an TIĠEARNA mo neart agus mo scíaṫ; do ċuir mo ċroiḋe a ḋóiġ ann, agus do coḃruiġeaḋ mé: ar a naḋḃarsin do ḋéana mo ċroiḋe gáirdeaċus; agus molfad é le mo ċaintic. 8 Isé an TIĠEARNA a neartsan, agus sé neart saórṫa a ungṫaiġ é. 9 Tárṫaiḋ do ḋaóine, agus beannuiġ hoiġreaċt: beaṫuiḋ fós íad, agus árduiġ íad go bráṫ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society