Psailm 27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XXVII. Gu ḃfuil an aón ní riaċtanaċ iniarraiḋ a ttús. Psalm Ḋáiḃi. 1 Ise an TIĠEARNA mo ṡolus agus mo ṡlánuġaḋ; cía re a mbiáiḋ eagla agum? sé an TIĠEARNA neart mo ḃeaṫa; cía buḋ eagal daṁ? 2 A nuáir ṫangadar luċd déanta a nuilc, meascáirde agus mo naiṁde, am aġaiḋ diṫé mféola, fúaradar féin tuisleaḋ agus do ṫuiteadar. 3 Dá ccampuiġeaḋ slúaġ am aġuiḋ, ní ḃía eagla air mo ċroiḋe: dá neirġeaḋ cogaḋ am aġaiḋ, annso ḃías mé dóṫċusaċ. 4 Aóinní aṁáin daṫċuingiḋ mé air an TTIĠEARNA, ag sin a ní íarrfad; mo ċoṁnuiġe a ttiġ an TIĠEARNA air feáḋ láeṫe mo ṡáoġail, dféuċuin air scéiṁ an TIĠEARNA, agus ḃeiṫ go moċ iona ṫeampall. 5 Oir foileoċuiġ sé mé iona ṗáilliún a ló a nuilc: coiṁéudfuiḋ mé go secréideaċ a nuáignios a ṫabernacuil; ar ċarruic ṫóigfios sé súas mé. 6 Agus a nois áirdeoċur mo ċeann ós cionn mo náṁad fa ccuairt am ṫimċioll: agus íoḋborad iona ṫabernacuil íoḋbarṫa gáirdeaċuis; canfad, agus do ḋéan salm don TIĠEARNA. 7 Cluin, a ṪIĠEARNA, a nuáir ġairim rem ġuṫ: agus déan trócaire orum, agus freagair mé. 8 Mar a duḃairt tusa, Iarruiḋse mo aġaiḋ; haġuiḋ, a duḃairt mo ċroiḋesi riot, Iarrfad a ṪIĠEARNA. 9 Ná foluiġ haġuiḋ uáim; ná fill ód ṡerḃíseaċ a ḃfeirg: bá tú mo ċaḃair: ná fág mé, agus ná tréig mé, a Ḋé mo ṡlánuiġṫe. 10 Oir do ṫréig maṫair agus mo ṁaṫair mé, aċd géaḃuiḋ an TIĠEARNA a steaċ mé. 11 Múin do ṡliġe ḋaṁ, a ṪIĠEARNA, agus tréoruiḋ a ród ċoṁṫrom mé, do ḃríġ mó náṁad. 12 Ná taḃair do ṫoil mo naṁad mé: óir fíaḋnuisiġ ḃréagaċ agus an té ṡéidios amaċ foiréigion, déirġeadar súas am aġaiḋ. 13 Do raċfuinn a nanḃḟuinne, muna ccreidfinn go ḃfaicfinn maiṫ an TIĠEARNA a gcríċ na mbéo. 14 Feiṫ air an TTIĠEARNA: bí láidir, agus neartoċuiḋ sé do ċroiḋe: agus déan-ḟeiṫeaṁ air an TTIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society