Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XXVI. Feaḃas an ċogcuáis ġlain.
Psalm Ḋáiḃi.

1 Beir breaṫ orum, a ṪIĠEARNA; óir do ṡiuḃail mé an mionnracus: agus fós annsa TIĠEARNA do ḃí mo ḋóiġ; naċ sciorrfa mé:

2 Spíon mé, a ṪIĠEARNA, agus teastuiḋ mé; indearḃ mo ḋuḃáin agus mo ċroiḋe.

3 Oír atá do ċinéul gráḋaċ ós coinne mo ṡúl: agus do ṡiuḃail mé ann ṫfírinne.

4 Níor ṡuiġ mé ré daoiniḃ díoṁaóine, ní mó raċfas mé a steaċ le mealltóiriġiḃ.

5 Do ḟúaṫuiġ mé coiṁṫionól luċd déanta a nuilc; agus ris an ccionntaċ ní ṡuiġfe mé.

6 Niġfe mé mo láṁa a neiṁċionntuiḃ: agus tiucfad timċioll haltóra, a ṪIĠEARNA:

7 Iondus go ḃfoillsiġe mé ré guṫ ṫaḃarṫa buiḋeaċuis, agus go ninnse mé hoibreaċa iongantaċa uile.

8 A ṪIĠEARNA, do ġráḋuiġ mé coṁnuiġe do ṫiġe, agus ionad coṁnuiġe do ġlóire.

9 Ná cruinniġ manam lé peacaċuiḃ, ná mo ḃeaṫa ré daóiniḃ fuilteaċa:

10 Ann a láiṁ a ḃfuil urċóid, agus a láṁ ḋeas líonta do ṫioḋlaicṫiḃ.

11 Aċt am ṫáoḃsa, siuḃoluiġ mé ann mo ḋioġruis: sáor mé, agus déan trócaire orum.

12 Atá mo ċos na seasaṁ a nionad ċoṁṫrom: annsna coiṁṫionóluiḃ beinneoċad an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan