Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XXV. Teagasc ċum an ḃeaṫa ṁarṫanuiġ.
Psalm Ḋáiḃi.

1 Ċugadsa, ó a ṪIĠEARNA, ṫógḃuim súas manam,

2 O mo Ḋía, cuirim mo ḋoṫċus ionnad: ná náiriġṫear mé, ná déanaid mo naiṁde gáirdeaċus ós mo ċionn.

3 Fós, an ṁéid ċuirios a ndóiġ ionnad ná náiriġṫear íad: bíoḋ náire air a ndroing noċ ċionntuiġios gan ċúis.

4 Foillsiġ a ṪIĠEARNA, do ṡligṫe ḋaṁsa; taisbéin daṁ do ċasain.

5 Tréoruiġ mé ann ṫfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo ṡlánuiġṫe; ortsa ḃím ag feiṫioṁ air feaḋ an laói.

6 Cuiṁniġ do ṫrócaire ċinealta, ó a ṪIĠEARNA, agus do ṁuinntearḋas gráḋaċ; óir atáid ann a ríaṁ.

7 Ná cuiṁniġ peacaḋ móige, ná mo ṡáruiġṫe: do réir do ṫrócaire cuiṁniġ mé ar son do ṁaiṫeasa, a ṪIĠEARNA.

8 Is maiṫ agus is díreaċ an TIĠEARNA: uimesin teagaiscfiḋ sé na peacuiċ san tsliġe.

9 Tréoroċuiḋ sé na ceannsaiġṫe a mbreiṫeaṁnus: agus múinfiḋ sé a ṡliġe do na ceannsaiġṫiḃ.

10 Is trócaire agus fírinne sliġṫe an TIĠEARNA uile don luċd ċongṁus a ċunnraḋ agus a ḟiaġnuiseaḋ.

11 Ar son hanma, a ṪIĠEARNA, iseaḋ ṁaiṫfeas tú méaigceart; bíoḋ gur mór sin.

12 Cia hé an duine air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA? múinfe sé é annsa tsliġe ṫoiġfeas sé.

13 Aitreoḃuiḋ a anum a maiṫ; agus biaiḋ oiḋreaċt na dúiṫċe aga ċloinn.

14 Atá rún an TIĠEARNA ag an luċd eagluiġeas roiṁe; agus foillsiġiḋ a ċunnraḋ ḋóiḃ.

15 Atáid mo ṡúile a ccoṁnuiḋe ċum an TIĠEARNA; óir do ḃéara sé mo ċos as an líon.

16 Féuċ orum, agus déan trócaire orum; óir atáim áonránaċ agus buaiḋearṫa.

17 Do fairsingeaḋ buáiḋreaḋ mo ċroiḋe: ó taḃairsi amaċ as manacra mé.

18 Féuċ ar manacra agus air mo ṗéin; agus maiṫ mo ṗeacuiḋe uile ḋaṁ.

19 Féuċ air mo naíṁde; óir atáid ar na méuduġaḋ; agus atá fúaṫ aca orum le foiréigion.

20 Coiṁéad manam, agus sáor mé: agus ná náiriġṫear mé; do ḃríġ go ḃfuil mó ḋóṫċus ionnadsa.

21 Cuṁduiġeaḋ díoġruis agus ceart mé; óir dfan mé leaċdsa.

22 Sáor Israel, ó a Ḋía, ó nuile ḃuáiḋreaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan